Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Peadar Hynes, Caoimhín Ó Casaide, Colm Breathnach agus Eimear Ní Ghallchóirr.

4/27/2026
Bhí droch dheireadh seachtaine amach ag foirne Dhún na nGall agus foireann peile na bhfear curtha amach as Craobh Uladh i ndiaidh don Dún iad a bhuaileadh ar Pháirc Uí Dhónaill inné agus chaill foireann na mban fosta le cois na hiománaithe.

Duration:00:13:37

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.

4/27/2026
Tá Frances i láthair in Áras na Comhairle Contae i Leifear, áit a bhfuil cruinniú ar siúl maidir le hathruithe atá molta ar phlean forbartha na contae agus beidh cruinniú éigeandála ar siúl ina dhiaidh le plé a dhénamh ar an ghéarchéim a bhaineann leis an chostas breosla agus maireáchtála a phlé.

Duration:00:05:29

Ask host to enable sharing for playback control

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

4/27/2026
Ag cur síos ar Ard Fheis Shinn Féin a bhí ar siúl mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.

Duration:00:17:27

Ask host to enable sharing for playback control

An tAthair Lorcan Ó Searcaigh, Sagart Paróiste Ghleann Fhinne.

4/27/2026
Ag labhairt faoin tragóid a tharla ar an Chlochán sa Ghaeltacht Láir Dé Satharn, áit ar maraíodh Josh Morrow, seacht mbliana déag d’aois i dtaisme bóthar ar bhealach an R252.

Duration:00:11:32

Ask host to enable sharing for playback control

Maighread Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.

4/27/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:52

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 27/04/2026.

4/27/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:39

Ask host to enable sharing for playback control

Pacaiste Vex Robotics.

4/24/2026
Tá grúpa as Pobalscoil Ghaoth Dobhair i Missouri Mheiriceá faoi láthair agus iad páirteach i gCraobh an Domhain den chomórtas Vex Robotics. Sheol na daltaí, Pádraig Ó Dochartaigh, Clint Ó Fearraigh, Rónán Ó Dochartaigh, Kevin Mac Uiginn agus an múinteoir, Keith Ó Fearraigh teachtaireachtaí fuaime chugainn ón chomórtas.

Duration:00:04:05

Ask host to enable sharing for playback control

Peadar Hynes, Caoimhín Ó Casaide, Emer Ní Ghallachóir agus Colm Breathnach.

4/24/2026
Beidh deireadh seachtaine mór ó thaobh na gcluichí Gaeltachta agus tús a chur ag mná agus fir Dhún na nGall lena bhfeachtais craoibhe agus leanfaidh na hiománaithe ar aghaidh lena bhfeachtas i gCorn Chriostóir Uí Rinn.

Duration:00:17:00

Ask host to enable sharing for playback control

Pól Phaidí Dubh Ó Gallachóir.

4/24/2026
Labhair Pól faoin fhéile ceoil a bheas ag toiseacht inniu ar an Fhál Carrach agus a bheas ar siúl don deireadh seachtaine.

Duration:00:03:28

Ask host to enable sharing for playback control

Anthony Ó Dúgáin.

4/24/2026
Beidh Féile na hInse ar siúl an deireadh seachtaine seo i gceantar Inis Eoghain, féile ceoil traidisiúnta atá eagraithe ag Tionscadal Ceoil Traidisiúnta Inis Eoghain.

Duration:00:04:36

Ask host to enable sharing for playback control

Anne Nicholls.

4/24/2026
Labhair Anne ar ócáid chuimhneacháin a bhéas ar siúl i gcuimhne ar Clann Uí Dhomhnaill, an cúigear a cailleadh go tragóideach i dtine ina dteach in Ard Uí Dhomhnaill i Leitir Ceanainn ar an seisiú lá fichead de mhí Aibreán 1986.

Duration:00:12:52

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 24/04/2026

4/24/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:04

Ask host to enable sharing for playback control

Frankie Mac Fhionnghaile as Gaoth Dobhair ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air ar Na Fargáin, Mullach Dubh.

4/23/2026
Beidh Frankie, an Dr Edward Harkin agus Declan Ferry ag déanamh Rás Eachtraíochta Bhaloir nó “The Balor Adventure Race” agus iad ag bailiú airgid d’Ospís Dhún na nGall.

Duration:00:06:20

Ask host to enable sharing for playback control

Fergus Mac Aoidh, Cathal Mac Grianna, agus John Mac a’tSaoir as CLG Naomh Adhamhnáin.

4/23/2026
Beidh cluiche mór ar siúl i bPáirc Uí Dhónaill ar an Domhnach agus Dún na nGall ag tabhairt aghaidh ar an Dún i gCluiche Ceathrú Ceannais Peile Uladh agus thug Conor Ó Gallachóir cuairt ar Pháirc Uí Dhónaill an tseachtain seo le feiceáil caidé mar a bhí na hullmhúcháin ag dul don Domhnach.

Duration:00:18:00

Ask host to enable sharing for playback control

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

4/23/2026
Mír rialta leis an Dochtúir Delap faoi chúrsaí sláinte agus leighis, cur síos inniu ar liostaí feithimh maidir le daoine atá ag fanacht le trasphlandú orgáin sa stát seo agus ar mhol iarbhreithe úr atá beartaithe do Leitir Ceanainn i measc rudaí eile.

Duration:00:05:16

Ask host to enable sharing for playback control

Bronagh Carruthers, Lucas Mac Dáibhéid, Brianna Ní Fhíoruisce, daltaí i bPobalscoil Ghaoth Dobhair agus an múinteoir Eimear Mhic Fhloinn.

4/23/2026
Don dara bliain as a chéile bhain comhlacht dhaltaí Phobalscoil Ghaoth Dobhair an chéad áit sa Chraobh Náisiúnta den chomórtas fiontraíochta, Clár na gComhlachtaí Udaras na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

Duration:00:16:04

Ask host to enable sharing for playback control

Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.

4/23/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:05:00

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta - Clár iomlán, 23/04/2026.

4/23/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachoir.

Duration:00:57:45

Ask host to enable sharing for playback control

Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.

4/22/2026
Cuireadh tús leis an chomhrá ag plé an daonáirimh agus ansin ag caint ar an fhóram a bheas ar siúl amárach in Óstán an Chaisleáin Óir in Anagaire dár teideal Ár bhFéiniúlacht Mara, eolas ag Dónall ar cad é go díreach a bheas a phlé ag an fhóram.

Duration:00:04:48

Ask host to enable sharing for playback control

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach.

4/22/2026
Ag caint faoi aip úr atá seolta ag Aontas na hEorpa le daoine óga a chosaint ar líne agus faoi na rialacha a bhaineann leis an aois óg ag baint úsáide as na meáin shóisialta i dtíortha na hEorpa agus ag caint ar dhaonáireamh 1926 atá le feiceáil anois ar líne.

Duration:00:09:46