Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.

4/22/2026
Cuireadh tús leis an chomhrá ag plé an daonáirimh agus ansin ag caint ar an fhóram a bheas ar siúl amárach in Óstán an Chaisleáin Óir in Anagaire dár teideal Ár bhFéiniúlacht Mara, eolas ag Dónall ar cad é go díreach a bheas a phlé ag an fhóram.

Duration:00:04:48

Ask host to enable sharing for playback control

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach.

4/22/2026
Ag caint faoi aip úr atá seolta ag Aontas na hEorpa le daoine óga a chosaint ar líne agus faoi na rialacha a bhaineann leis an aois óg ag baint úsáide as na meáin shóisialta i dtíortha na hEorpa agus ag caint ar dhaonáireamh 1926 atá le feiceáil anois ar líne.

Duration:00:09:46

Ask host to enable sharing for playback control

Cartlann na Céadaoine.

4/22/2026
Sa bhliain 1988 labhair Bríd Bean Uí Bhrádaigh as Béal Feirste agus Loch na nDeoráin ó dhúchas le Timlín Ó Cearnaigh i ndiaidh bás a mic, Caoimhín Mac Brádaigh. Maraíodh Caoimhín Mac Brádaigh i reilig Bhaile an Mhuilinn le linn tórraimh triúr Gibraltar (Mairéad Farrell, Danny McCann, agus Seán Savage).

Duration:00:07:45

Ask host to enable sharing for playback control

Pól Penrose, stiúrthóir Bród Na Gaeltachta.

4/22/2026
Beidh an fhéile Bród na Gaeltachta ag ceiliúradh cúig bliana ar an fhód i mbliana agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlochmhíle sin tá Clár Cónaitheachta ‘Ceangal’ fógraithe acu d’ealaíontóirí.

Duration:00:07:13

Ask host to enable sharing for playback control

Tá an chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta & Junior Achievement Ireland ar siúl in Óstán Chois Fharraige inniu.

4/22/2026
Labhair muid le hAisling Mhic Cumhaill, Oifigeach Oideachais agus Oiliúna le hÚdaras na Gaeltachta agus le Padaí Ó Cnáimhsí dalta as Pobalscoil na Rosann, Lucas Mac Dáibhéid as Pobalscoil Ghaoth Dobhair atá páirteach sa chomórtas.

Duration:00:15:24

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.

4/22/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:05:07

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 22/04/2026.

4/22/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:57:36

Ask host to enable sharing for playback control

Finbar Burns múinteoir ó Choláiste Naomh Mhic Cartáin i Muineachán.

4/21/2026
Thug grúpa múinteoirí ó Choláiste Naomh Mhic Cartáin i Muineachán cuairt ar an tSaimbia le gairid le blaiseadh a fháil ar an chóras oideachais ansin agus bhronn siad roinnt earraí oideachasúla ar na scoileanna fosta.

Duration:00:15:35

Ask host to enable sharing for playback control

An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach.

4/21/2026
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.

Duration:00:08:24

Ask host to enable sharing for playback control

An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig.

4/21/2026
Tá Mícheal i láthair ag cruinniú poiblí atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar oileán Thoraí inniu atá le heolas a thabhairt faoin obair atá déanta ar sholáthar uisce an oileáin le sé mhí dhéag anuas. Labhair sé fosta faoin mhíshástacht atá air go bhfuil an píopa uisce briste go hoileán Ghabhla go fóill ina luí ar bharr na farraige.

Duration:00:12:36

Ask host to enable sharing for playback control

An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.

4/21/2026
Labhair Denis ar an chruinniú poiblí a bheas ar siúl sa tSeanbheairic ar an Fhál Carrach san oíche amárach, áit a mbeidh plé a dhéanamh ar chaighdeán an uisce i gceantar bardais na nGleanntach.

Duration:00:09:49

Ask host to enable sharing for playback control

Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na nuachta.

4/21/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:11

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 21/04/2026

4/21/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:23

Ask host to enable sharing for playback control

Colm Breathnach, iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall agus Lorcan Ó Máirtín, Tráchtaire Spóirt.

4/20/2026
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí peile agus iománaíochta a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine.

Duration:00:04:03

Ask host to enable sharing for playback control

An ceantálaí, Éamonn Mac Giolla Bhríde.

4/20/2026
De réir taighde atá foilsithe ag Switcher.ie deirtear go bhfuil Dún na nGall ar an triú contae is saoire sa tír a bhfuil daoine ábalta a gcéad teach a chéannacht ar phraghas réasúnta.

Duration:00:07:17

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste Abair Leat.

4/20/2026
Bhí an comórtas ‘Abair Leat’ ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair le gairid. Seo comórtas do bhunscoltacha atá i Scéim na gCúntóirí Teanga atá faoi chúraim Muintearas. Bhuail Conor Ó Gallachóir isteach acu ansin ar an lá agus labhair sé le roinnt dá raibh i láthair.

Duration:00:11:07

Ask host to enable sharing for playback control

An staraí, An Dr. Seosamh Ó Ceallaigh.

4/20/2026
Ag déanamh plé ar Dhaonáireamh 2026 atá ar fáil ar líne anois ó bhí Dé Sathairn agus na sonraí suimiúla atá ann ó thaobh Dhún na nGall de.

Duration:00:25:11

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Geadaigh ó sheomra na nuachta.

4/20/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:08

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 20/04/2026

4/20/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:20

Ask host to enable sharing for playback control

Andy Caomhánach agus Micheál Ó Domhnaill.

4/16/2026
Labhair Andy inniu faoi na míreanna cartlainne atá ar fáil ar www.taisclann.ie faoi Mháire Ní Bhraonáin agus Clannad agus labhair Mícheal ar ócáid a bhéas ar siúl aige in Óstán Loch Altan i nGort a’Choirce faoi Sheanchas agus Scéalta faoi Naomh Dubhthach agus Oileán Dúiche.

Duration:00:10:55