Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Seán Ó Cearráin as Cill Náile a bhfuil obair mhór déanta aige ó thaobh cúrsaí cultúrtha agus teanga de i bhFear Manach.

10/29/2025
Tá an eagraíocht, Iontaobhas Fhear Manach ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód i mbliana agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an chloch-mhíle sin shocair siad gradam cathrach a bhronnadh ar 30 oibrí deonach le gairid mar aitheantas ar a gcuid oibre sa phobal ina mhaireann siad agus ina measc bhí Seán Ó Cearráin.

Duration:00:17:20

Ask host to enable sharing for playback control

Cartlann na Céadaoine.

10/29/2025
Bhí pobal Ghleann Fhinne ag déanamh ceiliúradh ar leathchead bliain de CLG Ghleann Fhinne ag deireadh na seachtaine. Sa phíosa cartlainne seo ón bhliain 1984 labhair Ciarán Mac Fhloinn, oifigeach de chuid an fhochumainn ag an am, le Feardorcha Ó Colla faoi stair na gcluichí Gaelacha ansin i nGleann Fhinne

Duration:00:08:39

Ask host to enable sharing for playback control

Damien Ó Dónaill ó Rannóg Spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta.

10/29/2025
Ag fógairt go bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh d’imreoir na craoibhe 2025 i nDún na nGall le bronnadh ar Finnbarr Roarty as Naomh Conaill. Níl Finnbarr ach naoi mbliana déag d’aois agus imríonn sé do Dhún na nGall chomh maith.

Duration:00:06:04

Ask host to enable sharing for playback control

Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge.

10/29/2025
Fógraíodh go hoifigiúil tráthnóna inné go bhfuil an Dr. Pól Deeds ceaptha anois mar Choimisinéir Teanga don Ghaeilge sna Sé Chontae.

Duration:00:08:57

Ask host to enable sharing for playback control

Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.

10/29/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:33

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta - Clár iomlán 29/10/2025.

10/29/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:53:44

Ask host to enable sharing for playback control

Joe Ó Cuillinn ó Choiste na mBailte Slachtmhara, Carraig Airt.

10/28/2025
Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara ansin ag an deireadh seachtaine ag ócáid a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh agus d’éirigh le Carraig Airt gradam na Gaeltachta a bhaint sa chomórtas.

Duration:00:05:45

Ask host to enable sharing for playback control

Seanie Ó Baoill, Feirmeoir as Maigh Ráithe, An Fál Carrach.

10/28/2025
Bronnadh Gradam Ambasadóir Feirmeoireachta don Nádúr ar Seanie ag ócáid a bhí ar siúl sa Bhoirinn i gContae an Chláir oíche Shathairn.

Duration:00:06:24

Ask host to enable sharing for playback control

Bainisteoir Chomharchumann Thoraí, Marjorie Uí Chearúill.

10/28/2025
Tá pobal oileán Thoraí fágtha gan altra arís an tseachtain seo ar feadh trí lá ón lá inniu ar aghaidh, rud atá ag cur imní ar phobal an oileáin.

Duration:00:07:37

Ask host to enable sharing for playback control

An Garda Éamonn Ó Gallachóir ó Staisiún Gardaí an Fháil Charraigh

10/28/2025
Mír rialta le ball don Gharda Síochana go háitiúil ag tabhairt eolais ar eachtraí éagsula a tharla sa chontae le seachtaine agus ag cur comhairle ar an phobal. Labhair Éamonn inniu faoi shábháilteacht ar bhóithre agus roinnt eachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le gairid.

Duration:00:07:04

Ask host to enable sharing for playback control

Piaras Ó Dochartaigh, TD Sinn Féin agus Oliver Mac Daibhéid Oifigeach Polasaí Fhine Gael i nDún na nGall.

10/28/2025
Ag tabhairt a dtuairimí ar thoghchán na hUachtaránachta a bhí ar siúl De hAoine seo caite agus ina toghadh Catherine Connolly mar an deichiú Uachtarán ar an Stáit.

Duration:00:16:47

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.

10/28/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:07:28

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 28/01/2025.

10/28/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:40

Ask host to enable sharing for playback control

Mary Aggie as an Poll Dóite, Rann na Feirste.

10/24/2025
Comhrá na seachtaine seo le Mary Aggie agus í ag caint ar an ghrúpa ceoil Clannad agus na cuimhní atá aici orthu.

Duration:00:04:35

Ask host to enable sharing for playback control

Niamh Ní Bhaoill ó Naomh Columba agus Iseult Ní Mhathúna ó Ghaeil Fhánada.

10/24/2025
Cuirfidh foirne ban Naomh Columba agus Gaeil Fhánada tús lena bhfeachtais i gCraobhacha Shóisir agus Idirmheánach Uladh ag an deireadh seachtaine.

Duration:00:03:36

Ask host to enable sharing for playback control

Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Chluain Na dTor.

10/24/2025
Mír rialta le Deirdre ag caint faoi chúrsaí garraíodóireachta, nádúr agus plandaí.

Duration:00:11:57

Ask host to enable sharing for playback control

Mairéad Ní Mhaoilchiarain ó Sheomra na Nuachta.

10/24/2025
Ag tabhairt an t-eolas is deireanaí faoin dóigh a bhfuil an vótáil ag dul anseo i gcontae Dhún na nGall do thoghchán na hUachtaránachta.

Duration:00:03:16

Ask host to enable sharing for playback control

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach.

10/23/2025
Mír rialta le Andy maidir le cúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta ag déanamh cur síos ar an bhriseadh a tharla le córais ríomhaireachta Amazon agus plé fosta ar dhioscaí flapacha agus an aire ar gá tabhairt daofa.

Duration:00:05:43

Ask host to enable sharing for playback control

Joe Mac Aoidh, Róise Ní Mhurchú agus Rhiann Fleming.

10/23/2025
Triúr as Cúige Uladh atá ainmnithe ar an ghearrliosta do ghradam Réalta Óga na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar thóir vótaí ón phobal.

Duration:00:08:45

Ask host to enable sharing for playback control

Louise Ní Dháibhéid, Leascheannasaí agus Príomhoifigeach Oibríochtaí Oireachtas na Gaeilge.

10/23/2025
Ag labhairt ar cheolchoirm a fógraíodh ar maidin inniu a bheas ar siúl i mBéal Feirste le linn an Oireachtais ar an tseachtain seo chugainn áit a mbeidh Móglaí Bap, DJ Próvaí agus Le Boom ar an ardán sa Beehive i mBéal Feirste.

Duration:00:02:36