Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach.

10/23/2025
Mír rialta le Andy maidir le cúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta ag déanamh cur síos ar an bhriseadh a tharla le córais ríomhaireachta Amazon agus plé fosta ar dhioscaí flapacha agus an aire ar gá tabhairt daofa.

Duration:00:05:43

Ask host to enable sharing for playback control

Joe Mac Aoidh, Róise Ní Mhurchú agus Rhiann Fleming.

10/23/2025
Triúr as Cúige Uladh atá ainmnithe ar an ghearrliosta do ghradam Réalta Óga na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar thóir vótaí ón phobal.

Duration:00:08:45

Ask host to enable sharing for playback control

Louise Ní Dháibhéid, Leascheannasaí agus Príomhoifigeach Oibríochtaí Oireachtas na Gaeilge.

10/23/2025
Ag labhairt ar cheolchoirm a fógraíodh ar maidin inniu a bheas ar siúl i mBéal Feirste le linn an Oireachtais ar an tseachtain seo chugainn áit a mbeidh Móglaí Bap, DJ Próvaí agus Le Boom ar an ardán sa Beehive i mBéal Feirste.

Duration:00:02:36

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste ó Áras Ghaoth Dobhair.

10/23/2025
Sheol Áras Ghaoth Dobhair feithicil úr iompar go hoifigiúil ar an Aoine seo a chuaigh thart ag ócáid a bhí ar siúl san ionad sa dóigh is go mbeidh modh iompar ar fáil do chliaint an ionaid le go mbeifí in ann iad a thabhairt amach ar thurais agus ar chuairteanna éagsúla sa pharóiste agus sna ceantar maguaird.

Duration:00:15:38

Ask host to enable sharing for playback control

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

10/23/2025
Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, ag plé cúrsaí cúram ailse agus easpa dochtúirí teaghlaigh faoin tuath.

Duration:00:10:16

Ask host to enable sharing for playback control

Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.

10/23/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:05:05

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 23/10/25.

10/23/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:00

Ask host to enable sharing for playback control

Bairbre Uí Chathail Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn.

10/21/2025
Beidh an ócáid ‘Give it a Go as Gaeilge’ ar siúl i Leitir Ceanainn maidin Déardaoin seo dírithe ar lucht gnó an bhaile agus labhair Bairbre linn faoin ócáid.

Duration:00:05:36

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste Lip Sync Chloich Cheann Fhaola.

10/21/2025
Beidh ócáid Lip Sync ar siúl in Óstán Loch Altan oíche Shatharn seo le hairgead a bhailiú do Bhuíon Cheoil Chloich Cheann Fhaola agus CLG Chloich Cheann Fhaola. Bhuail Conor Ó Gallachóir isteach acu le gairid agus labhair sé le roinnt de na rannpháirtithe.

Duration:00:08:39

Ask host to enable sharing for playback control

An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil ó Stáisiún Gardaí an Chlocháin Léith.

10/21/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair Siobhán inniu faoi thinte ealaíne, séasúr na reithíochta do charrianna, eachtra gadaíochta ar an Chraoslach agus camscéim atá ag dul thart.

Duration:00:07:21

Ask host to enable sharing for playback control

Tá Gradaim Náisiúnta Shábháilteacht Uisce na hÉireann le bronnadh inniu.

10/21/2025
Labhir Michelle le Sinead Uí Bhaoil a thug tarrtháil ar thachrán dhá bhliain d’aois in Anagaire i mí na Samhna anuraidh, Diane Robinson, mathair an tachráin, Maitiú Clerkin, Joe Heron, Turlagh McDaid agus Dualta Bracken a thug tarrtháil ar bheirt pháistí agus fear amach ón Trá Mór in Ard a Rátha i mí Lúnasa i mbliana.

Duration:00:26:55

Ask host to enable sharing for playback control

Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na Nuachta.

10/21/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:03:45

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta: Dé Luain 21 Deireadh Fómhair 2025.

10/21/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:54:53

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste ó Shiopa Greene’s.

10/20/2025
Beidh an siopa Greene’s ar an Fhál Carrach ag druid na doirse i ndiaidh a bheith oscailte 40 bliain. Labhair Conor Ó Gallachóir le Síle Nic Aoidh ó Shiopa Greene’s, atá ag obairó 1976 agus labhair sé leis na custaiméirí seo a leanas: Caitlín Uí Chuilinn, Caitríona Uí Cheallaigh, Bríd Uí hEarcáin, Manus Ó Ceallaigh, Séamus Mac Aoidh & daoine eile.

Duration:00:27:15

Ask host to enable sharing for playback control

Margaret Ní Chuinneagáin.

10/20/2025
Cuireadh tús le taispeántas ealaíne, ‘Íomha’ in Ionad Cultúrtha na hÉireann in Hammersmith i Londain le gairid agus tá píosa ealaíne le Margaret Ní Chuinneagáin as Gleann Cholm Cille le feiceáil ann mar chuid den taispeántas.

Duration:00:08:02

Ask host to enable sharing for playback control

Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola.

10/20/2025
Tá Oifigigh Pleanála Teanga na tíre ag fanacht go fóill ar an athbhreithniú atá an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobal agus Gaeltachta le foilsiú maidir leis an Phleanáil Teanga agus na pleananna teanga a cuireadh i bhfeidhm ach tá dul chun cinn sa scéal mar a mhínigh Caitlín do Mhichelle.

Duration:00:07:42

Ask host to enable sharing for playback control

Géadaigh ó sheomra na Nuachta.

10/20/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:05:48

Ask host to enable sharing for playback control

Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.

10/17/2025
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie agus ba cúrsaí fíona a bhí faoi chaibidil aici inniu.

Duration:00:05:53

Ask host to enable sharing for playback control

Diane Ní Chanainn.

10/17/2025
Craolfar an chéad chlár sa tsraith ‘Imelda May: Amhráin na nGael’ ar RTÉ1 anocht, sraith ina dtugann Imelda May cuairt ar Ghaeltachtaí na tíre ag buaileadh le ceoltóirí éagsúla, ina measc Diane Ní Chanainn agus labhair Diane linn faoin chlár.

Duration:00:06:10

Ask host to enable sharing for playback control

Caoimhe Nic Fhloinn, imreoir le Gleann Fhinne.

10/17/2025
Cuirfidh mná Ghleann Fhinne tús lena bhfeachtas i gCraobh Shinsir Peile Uladh an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Aireagáil Ciaráin i gcluiche ceathrú ceannais ar Pháirc Taobhóige i nGleann Fhinne ar an Domhnach.

Duration:00:04:06