Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Bairbre Uí Chathail Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn.

10/21/2025
Beidh an ócáid ‘Give it a Go as Gaeilge’ ar siúl i Leitir Ceanainn maidin Déardaoin seo dírithe ar lucht gnó an bhaile agus labhair Bairbre linn faoin ócáid.

Duration:00:05:36

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste Lip Sync Chloich Cheann Fhaola.

10/21/2025
Beidh ócáid Lip Sync ar siúl in Óstán Loch Altan oíche Shatharn seo le hairgead a bhailiú do Bhuíon Cheoil Chloich Cheann Fhaola agus CLG Chloich Cheann Fhaola. Bhuail Conor Ó Gallachóir isteach acu le gairid agus labhair sé le roinnt de na rannpháirtithe.

Duration:00:08:39

Ask host to enable sharing for playback control

An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil ó Stáisiún Gardaí an Chlocháin Léith.

10/21/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair Siobhán inniu faoi thinte ealaíne, séasúr na reithíochta do charrianna, eachtra gadaíochta ar an Chraoslach agus camscéim atá ag dul thart.

Duration:00:07:21

Ask host to enable sharing for playback control

Tá Gradaim Náisiúnta Shábháilteacht Uisce na hÉireann le bronnadh inniu.

10/21/2025
Labhir Michelle le Sinead Uí Bhaoil a thug tarrtháil ar thachrán dhá bhliain d’aois in Anagaire i mí na Samhna anuraidh, Diane Robinson, mathair an tachráin, Maitiú Clerkin, Joe Heron, Turlagh McDaid agus Dualta Bracken a thug tarrtháil ar bheirt pháistí agus fear amach ón Trá Mór in Ard a Rátha i mí Lúnasa i mbliana.

Duration:00:26:55

Ask host to enable sharing for playback control

Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na Nuachta.

10/21/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:03:45

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta: Dé Luain 21 Deireadh Fómhair 2025.

10/21/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:54:53

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste ó Shiopa Greene’s.

10/20/2025
Beidh an siopa Greene’s ar an Fhál Carrach ag druid na doirse i ndiaidh a bheith oscailte 40 bliain. Labhair Conor Ó Gallachóir le Síle Nic Aoidh ó Shiopa Greene’s, atá ag obairó 1976 agus labhair sé leis na custaiméirí seo a leanas: Caitlín Uí Chuilinn, Caitríona Uí Cheallaigh, Bríd Uí hEarcáin, Manus Ó Ceallaigh, Séamus Mac Aoidh & daoine eile.

Duration:00:27:15

Ask host to enable sharing for playback control

Margaret Ní Chuinneagáin.

10/20/2025
Cuireadh tús le taispeántas ealaíne, ‘Íomha’ in Ionad Cultúrtha na hÉireann in Hammersmith i Londain le gairid agus tá píosa ealaíne le Margaret Ní Chuinneagáin as Gleann Cholm Cille le feiceáil ann mar chuid den taispeántas.

Duration:00:08:02

Ask host to enable sharing for playback control

Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola.

10/20/2025
Tá Oifigigh Pleanála Teanga na tíre ag fanacht go fóill ar an athbhreithniú atá an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobal agus Gaeltachta le foilsiú maidir leis an Phleanáil Teanga agus na pleananna teanga a cuireadh i bhfeidhm ach tá dul chun cinn sa scéal mar a mhínigh Caitlín do Mhichelle.

Duration:00:07:42

Ask host to enable sharing for playback control

Géadaigh ó sheomra na Nuachta.

10/20/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:05:48

Ask host to enable sharing for playback control

Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.

10/17/2025
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie agus ba cúrsaí fíona a bhí faoi chaibidil aici inniu.

Duration:00:05:53

Ask host to enable sharing for playback control

Diane Ní Chanainn.

10/17/2025
Craolfar an chéad chlár sa tsraith ‘Imelda May: Amhráin na nGael’ ar RTÉ1 anocht, sraith ina dtugann Imelda May cuairt ar Ghaeltachtaí na tíre ag buaileadh le ceoltóirí éagsúla, ina measc Diane Ní Chanainn agus labhair Diane linn faoin chlár.

Duration:00:06:10

Ask host to enable sharing for playback control

Caoimhe Nic Fhloinn, imreoir le Gleann Fhinne.

10/17/2025
Cuirfidh mná Ghleann Fhinne tús lena bhfeachtas i gCraobh Shinsir Peile Uladh an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Aireagáil Ciaráin i gcluiche ceathrú ceannais ar Pháirc Taobhóige i nGleann Fhinne ar an Domhnach.

Duration:00:04:06

Ask host to enable sharing for playback control

Megan Nic Ruairí, ball den ghrúpa Bold Love.

10/17/2025
Tá Megan Nic Ruairí linn beo as Stanstead, Londain, le labhairt faoin chéad EP atá amuigh inniu ag an ghrúpa ‘Bold Love’ sé sin ‘Dancing & Loving’.

Duration:00:03:36

Ask host to enable sharing for playback control

Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Chluain na dTor.

10/17/2025
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta.

Duration:00:16:44

Ask host to enable sharing for playback control

An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir agus an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.

10/17/2025
Rinne Pat cur síos ar an fhreagra a thug an rialtas ar rún ón Teachta Dála Pháirtí Cúitimh 100% Charles Ward agus an fáth a vótáil sé leis an rialtas. Chuir Denis glaoch isteach ag iarraidh soiléiriú ar sheasamh Pat faoin ábhar agus soiléiriú a dhéanamh ar chúpla pointe.

Duration:00:20:04

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 17/10/2025.

10/17/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:53:42

Ask host to enable sharing for playback control

Caitlín Ní Bhroin ón ghrúpa Tinteán.

10/16/2025
Tá comhairliúchán poiblí ar siúl ag Coimisiún na hEorpa san am i láthair maidir le cúrsaí tithíochta san Eoraip agus tá an grúpa, Tinteán ag iarraidh ar phobal na Gaeltachta a bheith páirteach sa chomhairliúchán.

Duration:00:05:02

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste ón taispeántas ‘Rua’

10/16/2025
Seoladh an taispeántas ‘RUA’ in Ionad Naomh Pádraig i nDobhar le gairid agus bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an seoladh agus labhair sé le Danielle Nic Pháidín, Pádraig Rua Mac Grianna, Maria Coleman agus Ciarán Ó Gallachóir.

Duration:00:09:47

Ask host to enable sharing for playback control

Ailbhe Ó Monacháin, Comhfhreagraí an Iarthuaiscirt le Nuacht RTÉ/TG4.

10/16/2025
Beo ó chúirt Bhéal Feirste áit a bhfuil triail an tsaighdiúra F ar siúl agus é curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Jim Wray agus William McKinney ar Dhomhnach na Fola i 1972. Thug an breitheamh le fios sa chúirt ar maidin go dtig leanstan ar aghaidh leis an chás.

Duration:00:04:20