
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Andy Caomhánach fear na ríomhairí.
11/12/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta, inniu tá sé ag plé Beo Aistriúchán ar an mbealach san Aontas Eorpach (Apple Air Pods) agus Seachtain Eolaíochta na hÉireann.
Duration:00:08:45
Naoise Mac Cathmhaoil.
11/12/2025
Tá Naoise mar chuid den scannán faisnéise Celtic Utopia agus tá sé ag inse cad é mar a fuair sé páirt sa scannán seo.
Duration:00:08:03
Caitlín Ní Bhroin Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola.
11/12/2025
Tá comhfhreagras seolta ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola agus ag Pobal Eascarrach chuig an Aire Dara Calleary agus chuig Roinn na Gaeltachta lena mbuaireamh a chur in iúl fan laghad acmhainní a deir siad atá ar fáil do Phleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola.
Duration:00:16:35
Annemarie Nic Ruairí.
11/12/2025
Dúirt Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn gur ábhar imní an tionchar a bheas ag oibreacha bóthair atá ag toiseacht i Leitir Ceanainn ar lucht gnó an bhaile, agus gnóanna ag ullmhú do shéasúr na Nollag. Bíonn Annmarie ag taisteal ar an bhealach seo gach lá agus tá sí ag ple seo linn.
Duration:00:11:32
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
11/12/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:14
Barrscéalta, clár iomlán, 12/11/2025.
11/12/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:21
Denis Ó Dónaill as Uileann, Oileán Árainn Mhór.
11/11/2025
Ceapadh Denis Ó Dónaill as Uileann, Oileán Árainn Mhór mar Oifigeach Turasóireachta ag Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Árainn Mhór ar an Bhealach Gorm idir Ailt a Chorráin agus Árainn Mhór. Tá sé ag obair le Fáilte Eireann agus grúpaí éagsula a chuireann lóistín, imeachtaí agus caithimh aimseartha ar fáil sa dá cheantar.
Duration:00:07:00
An Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.
11/11/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
Duration:00:08:18
Deirbhile Ní Churraighín ó TG4.
11/11/2025
Sheol TG4 scéim úr ag Oireachtas na Samhna ar na mallaibh - Scéim Forbartha do Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta, tá an scéim seo a reachtáil ag TG4 i gcomhar le Gréasán na Méan Skillnet agus Ealaín na Gaeltachta agus tá Deirbhle linn le cur sios a dhéanamh air.
Duration:00:08:17
Nodlaig Brolly iar imreoir í le mná Dhoire.
11/11/2025
Tá brú leanúnach ag teacht ar an Chumann Lúthchleas Gael deireadh a chur leis an cheangal atá acu leis an chomhlacht árachais Allianz. Tá contaetha Thír Eoghain agus Uibh Fháilí i ndiaidh theacht amach ag rá gur cheart deireadh a chur leis an cheangal agus tá Nodlaig linn le plé a dhéanamh ar seo,
Duration:00:11:33
Cuán Ó Séireadáin Eagraí Polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta.
11/11/2025
Dhéanfar Catherine Connolly a hinsealbhú mar an deichiú huachtarán ar Éirinn ag ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu agus tá Cuan i láthair ag Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Duration:00:04:21
Píosa ón cartlann a rinne Michelle trí bliana agus fiche ó shin, 2002.
11/11/2025
Tá breithlá Michelle ann inniu agus seo píosa agus gan í i bhfad ag obair don raidió agus seo í nuair a craoladh a chéad shraith raidió do Raidió na Gaeltachta.
Duration:00:04:29
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na Nuachta.
11/11/2025
Le scéalta móra Nuachta an Lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:15
Barrscéalta, clár iomlán, 11/11/2025.
11/11/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:53:45
Seosamh Mac Ceallbhuí, Trachtaire Spóirt.
11/10/2025
Ag cur síos ar na cluichí spóirt peil a imríodh ag an deireadh seachtain. Agus labhair sé ar Fionnbarr Rabhairtaigh a fuair réalt peil.
Duration:00:08:43
Ciara Savage, ó Tyrone Productions.
11/10/2025
Tá Tyrone Productions i mbun léirithe ar ‘An Deis’, clár siamsaíochta úr do TG4, agus tá siad ag lorg daoine ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa chluiche úr seo. Tá an comhlacht ag iarraidh beirteanna a aimsiú bhfuil Gaeilge acu, bíodh siad ina gcairde nó ina ngaolta, le bheith páirteach sa chlár.
Duration:00:05:59
Eamonn Mac Giolla Bhríde, Ceanntalaí.
11/10/2025
Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine as Meiriceá atá ag iarraidh tithe a cheannacht anseo san Iarthuaisceart a deir an ceantálaí áitiúil Éamonn Mac Giolla Bhríde. Deir Éamonn go bhfuil níos mó daoine as na stáit aontaithe i dteagmháíl leis le tamall agus iad ag iarraidh eolas faoi chúrsaí tithíochta sa cheantar seo.
Duration:00:14:59
Cathal Ó Gallchóir.
11/10/2025
Beidh sraith de sheisiúin eolais a reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta in Iar Thuaisceart na Contae an tseachtain seo dírithe ar chóras Fuinneamh Gréine. Beidh cruinniú eolais don phobal ar Thógra pilóta úr atá ar bun ag an chomhlucht Digren, chun painéil gréine a chur ar tithe saor in aisce thar 100 teach sa Ghaeltacht.
Duration:00:12:23
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
11/10/2025
Le scéalta móra nuachta an lae.
Duration:00:03:50
Barrscéalta, clár iomlán, 10/11/2025.
11/10/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:50:30