Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

John Mac Eamharcaigh, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhóir.

4/28/2026
Labhair John ar thionscnamh úr atá ar bun ag an ghrúpa The Lions Club, ‘Teachtaireacht i mBuidéal’ sa chontae faoi láthair agus go bhfuil Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Oileán Árainn Mhór ag iarraidh tairbhe a bhaint as an tionscnamh seo.

Duration:00:04:50

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste Chloch an Phlúir.

4/28/2026
Bhí scaifte i láthair ag ócáid i Rann na Feirste nuair a rinne Nóra Frainc Chonaill Uí Raghallaí leacht úr galánta den logainm Chloch a Phlúir a nochtú agus bhí Michelle i láthair, labhair sí le Joe Frainc Chonaill, Donnachadh Ó Baoill ó Choiste Náisiúnta Logainmneacha na hÉireann, Nóra Frainc Chonaill agus Annie Mhicí Jimí Uí Dhuibheannaigh.

Duration:00:08:42

Ask host to enable sharing for playback control

Eoghan Mac Giolla Bhríde.

4/28/2026
Seoladh an fhéile ‘Dorn san Aer’ in ómós dár gcomhghleacaí agus an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ag ócáid a bhí ar siúl i dTigh Hiúdaí Bhig anseo i nGaoth Dobhair oíche Shatharn. Beidh an fhéile ar siúl idir 25ú - 27ú Meán Fómhair agus labhair Eoghan linn faoi fhéile na bliana seo agus cad a bhéas ar siúl i mbliana.

Duration:00:10:49

Ask host to enable sharing for playback control

An Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

4/28/2026
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.

Duration:00:09:27

Ask host to enable sharing for playback control

Mary Uí Chomhail, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig i nDobhar.

4/28/2026
Beidh tacaíochtaí a fhógairt inniu d’earnáil éagsúla, earnáil na talmhaíochta, earnáil na hiascaireachta, leoraithe, busanna le cuidiú leo ó thaobh an bhreosla de agus mar sin de ach ní bheidh rud ar bith sna tacaíochtaí is deireanaí seo don ghnáth dhuine.

Duration:00:11:20

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.

4/28/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:05:17

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 28/04/2026

4/28/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:26

Ask host to enable sharing for playback control

Peadar Hynes, Caoimhín Ó Casaide, Colm Breathnach agus Eimear Ní Ghallchóirr.

4/27/2026
Bhí droch dheireadh seachtaine amach ag foirne Dhún na nGall agus foireann peile na bhfear curtha amach as Craobh Uladh i ndiaidh don Dún iad a bhuaileadh ar Pháirc Uí Dhónaill inné agus chaill foireann na mban fosta le cois na hiománaithe.

Duration:00:13:37

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.

4/27/2026
Tá Frances i láthair in Áras na Comhairle Contae i Leifear, áit a bhfuil cruinniú ar siúl maidir le hathruithe atá molta ar phlean forbartha na contae agus beidh cruinniú éigeandála ar siúl ina dhiaidh le plé a dhénamh ar an ghéarchéim a bhaineann leis an chostas breosla agus maireáchtála a phlé.

Duration:00:05:29

Ask host to enable sharing for playback control

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

4/27/2026
Ag cur síos ar Ard Fheis Shinn Féin a bhí ar siúl mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.

Duration:00:17:27

Ask host to enable sharing for playback control

An tAthair Lorcan Ó Searcaigh, Sagart Paróiste Ghleann Fhinne.

4/27/2026
Ag labhairt faoin tragóid a tharla ar an Chlochán sa Ghaeltacht Láir Dé Satharn, áit ar maraíodh Josh Morrow, seacht mbliana déag d’aois i dtaisme bóthar ar bhealach an R252.

Duration:00:11:32

Ask host to enable sharing for playback control

Maighread Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.

4/27/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:52

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 27/04/2026.

4/27/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:39

Ask host to enable sharing for playback control

Pacaiste Vex Robotics.

4/24/2026
Tá grúpa as Pobalscoil Ghaoth Dobhair i Missouri Mheiriceá faoi láthair agus iad páirteach i gCraobh an Domhain den chomórtas Vex Robotics. Sheol na daltaí, Pádraig Ó Dochartaigh, Clint Ó Fearraigh, Rónán Ó Dochartaigh, Kevin Mac Uiginn agus an múinteoir, Keith Ó Fearraigh teachtaireachtaí fuaime chugainn ón chomórtas.

Duration:00:04:05

Ask host to enable sharing for playback control

Peadar Hynes, Caoimhín Ó Casaide, Emer Ní Ghallachóir agus Colm Breathnach.

4/24/2026
Beidh deireadh seachtaine mór ó thaobh na gcluichí Gaeltachta agus tús a chur ag mná agus fir Dhún na nGall lena bhfeachtais craoibhe agus leanfaidh na hiománaithe ar aghaidh lena bhfeachtas i gCorn Chriostóir Uí Rinn.

Duration:00:17:00

Ask host to enable sharing for playback control

Pól Phaidí Dubh Ó Gallachóir.

4/24/2026
Labhair Pól faoin fhéile ceoil a bheas ag toiseacht inniu ar an Fhál Carrach agus a bheas ar siúl don deireadh seachtaine.

Duration:00:03:28

Ask host to enable sharing for playback control

Anthony Ó Dúgáin.

4/24/2026
Beidh Féile na hInse ar siúl an deireadh seachtaine seo i gceantar Inis Eoghain, féile ceoil traidisiúnta atá eagraithe ag Tionscadal Ceoil Traidisiúnta Inis Eoghain.

Duration:00:04:36

Ask host to enable sharing for playback control

Anne Nicholls.

4/24/2026
Labhair Anne ar ócáid chuimhneacháin a bhéas ar siúl i gcuimhne ar Clann Uí Dhomhnaill, an cúigear a cailleadh go tragóideach i dtine ina dteach in Ard Uí Dhomhnaill i Leitir Ceanainn ar an seisiú lá fichead de mhí Aibreán 1986.

Duration:00:12:52

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 24/04/2026

4/24/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:04

Ask host to enable sharing for playback control

Frankie Mac Fhionnghaile as Gaoth Dobhair ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air ar Na Fargáin, Mullach Dubh.

4/23/2026
Beidh Frankie, an Dr Edward Harkin agus Declan Ferry ag déanamh Rás Eachtraíochta Bhaloir nó “The Balor Adventure Race” agus iad ag bailiú airgid d’Ospís Dhún na nGall.

Duration:00:06:20