Barrscéalta-logo

Barrscéalta

RTE Ireland

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Location:

Derrybeg, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Seán Ó Duibhir as Gaoth Dobhair agus Padaí Mac Laifeartaigh as Gort a’ Choirce.

4/29/2026
Beidh teacht le chéile ag daltaí a d’fhreastal ar Choláiste na Croise Naofa ar an Fhál Carrach trí scór bliain ó shin i mbliana agus labhair siad beirt faoin am a chaith siad ar an choláiste.

Duration:00:20:27

Ask host to enable sharing for playback control

Cartlann na Céadaoine.

4/29/2026
Inniu ar Chartlann na Céadaoine éistfidh muid le ceathrar fear poist ag comhrá le Timlín Ó Cearnaigh faoin am a chaith siad ag iompar an phosta, Con Wright as Loch na mBradán, Hughie (Jane) Mac Daibhéid as Lorg na Lorcán, Manus Mac Laifeartaigh as an Fhál Carrach agus Manus Mac Giolla Bhríde as na Dúnaibh. Craoladh an píosa seo ar 1 Bealtaine 1996.

Duration:00:07:14

Ask host to enable sharing for playback control

Seán Ó Baoill, léiritheoir teilifíse.

4/29/2026
Déanann Seán cur síos ar an chlár, “Óstán an Brú Criú” agus tá sé ag lorg daoine le fanacht ann, saor in aisce agus a bheith páirteach sa chlár.

Duration:00:05:32

Ask host to enable sharing for playback control

An feirmeoir, Seanie Ó Baoill.

4/29/2026
Cheadaigh an rialtas pacáistí tacaíochta bhreosla inné d’fheirmeoirí, do chonraitheoirí talmhaíochta, d’earnáil na hiascaireachta agus don earnáil iompar.

Duration:00:11:24

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.

4/29/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:46

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 29/04/2026

4/29/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:41

Ask host to enable sharing for playback control

John Mac Eamharcaigh, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhóir.

4/28/2026
Labhair John ar thionscnamh úr atá ar bun ag an ghrúpa The Lions Club, ‘Teachtaireacht i mBuidéal’ sa chontae faoi láthair agus go bhfuil Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Oileán Árainn Mhór ag iarraidh tairbhe a bhaint as an tionscnamh seo.

Duration:00:04:50

Ask host to enable sharing for playback control

Pacáiste Chloch an Phlúir.

4/28/2026
Bhí scaifte i láthair ag ócáid i Rann na Feirste nuair a rinne Nóra Frainc Chonaill Uí Raghallaí leacht úr galánta den logainm Chloch a Phlúir a nochtú agus bhí Michelle i láthair, labhair sí le Joe Frainc Chonaill, Donnachadh Ó Baoill ó Choiste Náisiúnta Logainmneacha na hÉireann, Nóra Frainc Chonaill agus Annie Mhicí Jimí Uí Dhuibheannaigh.

Duration:00:08:42

Ask host to enable sharing for playback control

Eoghan Mac Giolla Bhríde.

4/28/2026
Seoladh an fhéile ‘Dorn san Aer’ in ómós dár gcomhghleacaí agus an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ag ócáid a bhí ar siúl i dTigh Hiúdaí Bhig anseo i nGaoth Dobhair oíche Shatharn. Beidh an fhéile ar siúl idir 25ú - 27ú Meán Fómhair agus labhair Eoghan linn faoi fhéile na bliana seo agus cad a bhéas ar siúl i mbliana.

Duration:00:10:49

Ask host to enable sharing for playback control

An Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

4/28/2026
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.

Duration:00:09:27

Ask host to enable sharing for playback control

Mary Uí Chomhail, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig i nDobhar.

4/28/2026
Beidh tacaíochtaí a fhógairt inniu d’earnáil éagsúla, earnáil na talmhaíochta, earnáil na hiascaireachta, leoraithe, busanna le cuidiú leo ó thaobh an bhreosla de agus mar sin de ach ní bheidh rud ar bith sna tacaíochtaí is deireanaí seo don ghnáth dhuine.

Duration:00:11:20

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.

4/28/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:05:17

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 28/04/2026

4/28/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:26

Ask host to enable sharing for playback control

Peadar Hynes, Caoimhín Ó Casaide, Colm Breathnach agus Eimear Ní Ghallchóirr.

4/27/2026
Bhí droch dheireadh seachtaine amach ag foirne Dhún na nGall agus foireann peile na bhfear curtha amach as Craobh Uladh i ndiaidh don Dún iad a bhuaileadh ar Pháirc Uí Dhónaill inné agus chaill foireann na mban fosta le cois na hiománaithe.

Duration:00:13:37

Ask host to enable sharing for playback control

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.

4/27/2026
Tá Frances i láthair in Áras na Comhairle Contae i Leifear, áit a bhfuil cruinniú ar siúl maidir le hathruithe atá molta ar phlean forbartha na contae agus beidh cruinniú éigeandála ar siúl ina dhiaidh le plé a dhénamh ar an ghéarchéim a bhaineann leis an chostas breosla agus maireáchtála a phlé.

Duration:00:05:29

Ask host to enable sharing for playback control

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

4/27/2026
Ag cur síos ar Ard Fheis Shinn Féin a bhí ar siúl mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.

Duration:00:17:27

Ask host to enable sharing for playback control

An tAthair Lorcan Ó Searcaigh, Sagart Paróiste Ghleann Fhinne.

4/27/2026
Ag labhairt faoin tragóid a tharla ar an Chlochán sa Ghaeltacht Láir Dé Satharn, áit ar maraíodh Josh Morrow, seacht mbliana déag d’aois i dtaisme bóthar ar bhealach an R252.

Duration:00:11:32

Ask host to enable sharing for playback control

Maighread Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.

4/27/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Duration:00:04:52

Ask host to enable sharing for playback control

Barrscéalta, clár iomlán, 27/04/2026.

4/27/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Duration:00:56:39

Ask host to enable sharing for playback control

Pacaiste Vex Robotics.

4/24/2026
Tá grúpa as Pobalscoil Ghaoth Dobhair i Missouri Mheiriceá faoi láthair agus iad páirteach i gCraobh an Domhain den chomórtas Vex Robotics. Sheol na daltaí, Pádraig Ó Dochartaigh, Clint Ó Fearraigh, Rónán Ó Dochartaigh, Kevin Mac Uiginn agus an múinteoir, Keith Ó Fearraigh teachtaireachtaí fuaime chugainn ón chomórtas.

Duration:00:04:05