
Adhmhaidin
RTE Ireland
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
Location:
Casla, Ireland
Genres:
US News
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506629
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
adhmhaidin@rte.ie
Episodes
Noel Ó Guairim - Cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Charna-Caiseal.
10/21/2025
Tá an cead pleanála don iarratas a bhí déanta ag Cumann Lúthchleas Gael Charna-Caiseal le forbairt a dhéanamh ar a gcuid áiseanna ar Pháirc Mhic Dara i gCarna, diúltaithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe.
Duration:00:04:55
Loretta Ní Ghábháin - Bunaitheoir an chomhlachta margaíochta digitigh Lorg Media.
10/21/2025
An tionchar atá ag na meáin shóisialta ar an fheachtas Uachtaránachta.
Duration:00:06:13
Dónal Ó Colla - Leas Chathaoirleach Choiste na nOileán i nDún na nGall.
10/21/2025
D’fhreastal Dónal Ó Colla, Leas Cathaoirleach Choiste na nOileán ar a chéad chruinniú den Choiste le gairid. Thug sé le fios go bhfuil dul chun cinn a dhéanamh ar Oileán Inis Bó Finne le blianta beaga anuas ach go bhfuil sé tábhachtach oibreacha cothmhála a dhéanamh ar an Chéidh, Balla Cosanta a thógáil agus an bealach go dtí’n Traigh a choiriú.
Duration:00:04:46
Andy Caomhánach - Feidhmeannach Ríomhaireachta inAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
10/21/2025
Bhí deacrachtaí ag go leor daoine fáil isteach i suíomhanna idirlín agus aipeanna ar nós Snapchat, Duolingo agus Zoom inné mar go raibh seirbhís néalríomhaireachta Amazon, AWS, as ord ar feadh roinnt uaireanta an chloig ar fud an domhain, rud a chuir isteach ar na mílte suíomh idirlíne agus gnóanna ar líne.
Duration:00:04:59
Breandán Mac Gearailt - Comhairleoir Contae i gCiarraí.
10/21/2025
Tá go dtí deireadh 2026 fágtha ar chead phleanála na hathfhorbartha a bhí beartaithe do shean Ospidéal an Daingin, atá díomhaoin le breis is cúig bliana déag anois.
Duration:00:04:03
Maedhbh Ní Dhónaill - Stiúrthóir Ógras.
10/21/2025
Tá breis agus 630,000 duine óg in Éirinn atá idir 18-29 bliain d’aois i dteideal vóta a chaitheamh sa toghchán uachtaránachta an Aoine seo agus tá Comhairle Náisiúnta na nÓg ag impí orthu a nguth a úsáid agus dul i mbun vótála.
Duration:00:04:18
Cuan Ó Seireadáin - Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
10/21/2025
Tá rás na hUachtaránachta beagnach ag ceann scríbe – tiocfaidh an bheirt iarrthóir, Catherine Connolly, neamhspleách, agus Heather Humphreys ó Fhine Gael, le chéile anocht le haghaidh mórdhíospóireacht dheireachtanach an fheachtais, ar an gclár Prime Time ar RTÉ a hAon.
Duration:00:05:38
An Tuairisc Spóirt.
10/21/2025
Antoine Ó Conghaile.
Duration:00:03:17
Ceannlínte na bPáipéar Nuachta.
10/21/2025
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Duration:00:02:32
Príomhscéalta an Iarthair.
10/21/2025
Aoife Ní Chonghaile.
Duration:00:02:19
Príomhscéalta an Tuaiscirt.
10/21/2025
Caoimhe Ní Chonchoille.
Duration:00:02:24
Príomhscéalta an Deiscirt.
10/21/2025
Conn Ó Muíneacháin.
Duration:00:02:35
Na Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.
10/21/2025
Máire De Bhailís.
Duration:00:02:23
Adhmhaidin 21ú Deireadh Fómhair 2025 - Clár Iomlán.
10/21/2025
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Duration:00:57:26
An Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Comhalta Teagaisc i Roinn an Léinn Rúisigh & Shlavaigh, Coláiste na Trionóide.
10/20/2025
Dé hAoine seo caite a tháinig Uachtarán na hÚcráine Volodomyr Zelenskyy abhaile ó chruinniú sa Teach Bán, cruinniú inar theip air aon gheallúint a fháil ó Donald Trump go dtabharfaí diúracáin Tomahawk don Úcráin chun an Rúis a ionsaí.
Duration:00:04:08
Cristín De Mordha - Oifigeach Pleanála Teanga le Dúchas an Daingin.
10/20/2025
Beidh sraith nua ranganna 8 seachtaine á reachtáil ag Dúchas an Daingin le tacú le tosaitheoirí atá ag foghlaim na Gaeilge i gCorca Dhuibhne.
Duration:00:04:22
John Connolly - Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.
10/20/2025
Tá sé socruithe ag an tÚdarás Náisiúnta Iompair an NTA, athbhreithniú a dhéanamh ar an tseirbhís bus an 424 a théann idir Leitir Mealláin agus Gaillimh.
Duration:00:03:26
Niall Ó Muilleoir - Tráchtaire ar chúrsaí sna Stáit Aontaithe.
10/20/2025
Tháinig na milliúin duine le chéile trasna 50 stáit Mheiriceá le chéile ag sraith léirsithe i gcoinne polasaithe Donald Trump, léirsithe a eagraíodh faoin manna “No Kings”.
Duration:00:03:21
Cormac Ó Dúlacháin - Abhcóide Sinsearach.
10/20/2025
An cheist a bhaineann le polaiteoirí a bhí ina n-abhcóidí tráth, go háirithe iad siúd a d’oibrigh thar ceann na mbanc i gcásanna maoine.
Duration:00:06:32
Liam Mac a Bhaird - Iar-Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhisí Pleanála Chomhairle Condae Dhún na nGall.
10/20/2025
Measann Iar-Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhisí Pleanála Chomhairle Condae Dhún na nGall, Liam Mac a Bhaird go raibh cúrsaí níos fearr sa Chondae nuair a bhí cúramaí Uisce agus Tithíochta go hiomlán ar an Chomhairle Condae.
Duration:00:05:07