
Adhmhaidin
RTE Ireland
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
Location:
Casla, Ireland
Genres:
US News
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506629
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
adhmhaidin@rte.ie
Episodes
Sinéad Ní Chuinn, Oifigeach Cumarsáide Ghaillimh le Gaeilge.
11/21/2025
Sheol Gaillimh le Gaeilge, feachtas an tseachtain seo – a thabharfas aitheantas do na fuinneoga is fearr sa gcathair atá maisithe le leaganachaí Gaelacha don Nollaig. Labhair Sinéad Ní Chuinn le Séamus Ó Scanláin.
Duration:00:04:22
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae, Fine Gael.
11/21/2025
Dúirt an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre nach raibh éileamh ann d’ionad Tástáil Náisiúnta Gluaisteáin nua ar leithinis Chorca Dhuibhne de réir an aiseolais atá faighte acu. Dúirt an Comhairleoir le hAoife Ní Shúilleabháin nach raibh sé sásta leis seo.
Duration:00:04:05
Anthony Molloy, Comhairleoir Contae, Fianna Fáil.
11/21/2025
Tá sé tábhachtach go mbeadh Oifig ag Uisce Éireann i gCondae Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy le Frances Nic Géadaigh.
Duration:00:04:12
Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas.
11/21/2025
Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas leis An gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ar siúl inniu in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.
Duration:00:03:34
Seosamh Mac Donncha, iar Choirnéal agus saineolaí míleata.
11/21/2025
Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go n-oibreoidh sé le chéile le hUachtarán Mheiriceá Donald Trump ar an bplean síochána atá réitithe ag ionadaithe ón Rúis agus na Stáit Aontaithe.
Duration:00:05:29
Maitiú de hÁl, Comhghuaillíocht in éadan an chinedhíothaithe, Ollscoil na Gaillimhe.
11/21/2025
Beidh agóid ar bun inniu in Ollscoil na Gaillimhe ag an gComhghuaillíocht in éadan an chinedhíothaithe agus iad ag éileamh ar Ollscoil deireadh a chur láithreach bonn leis na naisc atá ag an Ollscoil le Technion agus le hinstitiúidí eile Iosraelacha.
Duration:00:05:24
Shane Grogan, Anailísí Tráchtála le Bord na Móna.
11/21/2025
Foilsíodh straitéis ó thaobh cúrsaí Hidrigin sa tír seo i mí Iúil na bliana 2023 ach céard atá tarlaithe ó shin? Mhínigh Shane Grogan, Anailísí Tráchtála le Bord na Móna, do Ghormfhlaith Ní Thuairisg cén bhuntáiste a bhaineann leis an Hidrigin mar bhreosla.
Duration:00:05:33
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.
11/21/2025
Polaitíocht an lae.
Duration:00:03:55
An Tuairisc Spóirt.
11/21/2025
Gearóidín Nic an Iomaire.
Duration:00:02:35
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.
11/21/2025
Máirín Ní Ghadhra.
Duration:00:01:32
Príomhscéalta an Deiscirt.
11/21/2025
Conn Ó Muineacháin.
Duration:00:02:24
Príomhscéalta an Iarthair.
11/21/2025
Fódhla Ní Bhraonáin.
Duration:00:02:15
Príomhscéalta an Tuaiscirt.
11/21/2025
Caoimhe Ní Chonchoille.
Duration:00:02:29
Príomhscéalta Náisiúntaa & Idirnáisiúnta.
11/21/2025
Marion Ní Shúilleabháin.
Duration:00:02:16
Adhmhaidin Dé hAoine 21 Samhain 2025.
11/21/2025
Le Máirín Ní Ghadhra.
Duration:00:57:31
Dr. Kat Ledden, Comhbhunaitheoir agus Stiúrthóir ar an eagraíocht Psy Care Ireland.
11/20/2025
Tá maoiniú bronnta ar an eagraíocht Psy Care Ireland chun an clár NITE a chur i bhfeidhm i gceantair thuaithe, faoin bPlean um Shábháilteacht Tuaithe a d’fhoilsigh an Rialtas i mbliana. Labhair an Dr. Kat Ledden le Aoife Ní Shúilleabháin.
Duration:00:03:52
An Dr. Claire Dunne, Ceann Roinne ar an mBéarla agus ar an nGaeilge in Institiúid Oideachais Marino.
11/20/2025
Seolfaidh An tOllamh Emeritus Oideachais, Áine Hyland tuarascáil faoi thumoideachas ag Tionól COGG i gCorcaigh níos deireanaí inniu.
Duration:00:04:12
Eoghan Ó Neachtain, Iar-cheannfort airm agus iar preasrúnaí rialtais.
11/20/2025
Beidh cruinniú ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i gCív inniu le hoifigigh ó airm Mheiriceá agus plean nua le nochtadh ag na Stáit Aontaithe le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
Duration:00:06:09
An Seanadóir Evanne Ní Chuilinn, Fine Gael.
11/20/2025
Pléadh ábhair a bhaineann le nuacht agus cúrsaí reatha inné le Coimisiún na Meán, agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, ag cruinniú de choiste na Meán i dtithe an Oireachtais.
Duration:00:08:31
John Shéamais Ó Fearraigh, Comhairleoir Condae, Sinn Féin.
11/20/2025
Tá sé tábhachtach na coinníollacha atá le comhlíonadh le hiasacht a fháil ón Chomhairle Condae a dhéanamh níos simplí, a dúirt an Comhairleoir Condae John Shéamais Ó Fearraigh le Frances Nic Géadaigh.
Duration:00:04:07