
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Niall Mac Eamharcaigh, scéalaí an chláir
10/15/2025
Cuirfear tús leis an chlár ‘Ó Mhuir go Tír’ anocht ar TG4 ar 9:30i.n, sraith de cheithre chlár atá déanta ag HG Productions, dírithe ar roinnt de na hoileáin amach ó chósta na tíre seo agus bhí scéalaí an chláir, Niall Mac Eamharcaigh linn ar maidin.
Duration:00:09:10
Cartlann na Céadaoine.
10/15/2025
Inniu ar Chartlann na Céadaoine rachaidh muid siar go dtí an bhliain 2000 nuair a bhain Ard a’Rátha Craobh Shinsir Peile na Contae den chéad uair le naoi mbliana déag. Labhair Áine Ní Chuireáin le Máirtín Ó Faoláin as Ard a’Rátha ach ar tús labhair Séamus Mac Géidigh le Anthony Molloy agus Parthalán (Bart) Ó Faoláin ag an chluiche ceannais féin.
Duration:00:08:06
Aodh Ó Domhnaill Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann.
10/15/2025
Bhí Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann os comhair an Chomhchoiste Oireachtais ar Ghnothaí Mara inné le plé a dhéanamh ar chuótaí éisc na hEorpa agus an Comhbheartas Iascaigh.
Duration:00:07:13
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
10/15/2025
Deir an Teachta Dála ón Pháirtí Cúitimh 100% Charles Ward nach bhfuil an Scéim Cúitimh an rialtais maidir le géarchéim na mbrící lochtacha ag oibriú, mar nach scéim cúitimh 100% atá ann, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí athchóiriú iomlán ar an scéim agus chuir sé rún os comhair na Dála maidir leis an mhéid sin inniu.
Duration:00:11:20
An Comhairleoir Contae Michéal Cholm Mac Giolla Easbuig.
10/15/2025
Dúirt an Comhairleoir Contae Michéal Cholm Mac Giolla Easbuig ag cruinniú de Choiste na nOileán de Chomhairle Contae Dhún na nGall inné gur cheart don chomhairle contae níos mó tithe a thógáil ar oileán Thoraigh mar go bhfuil éileamh ann do thithe ar an oileán dar leis.
Duration:00:10:03
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
10/15/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:34
Barrscéalta: Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair 2025.
10/15/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:36
Brian Ó Gallachóir beo as Marrakesh.
10/14/2025
Beidh beirt iarscolaire de chuid Scoil Náisiúnta na Carraige, Brian Ó Gallachóir agus Michael McGilll ag tabhairt faoi dhúshlán i Marrakesh i Morrocco áit a mbeidh siad ag dul suas an tsliabh is airde i Morrocco agus san Aifric Thuaidh, Jbel Toubkal, amárach le hairgead a bhailiú don scoil.
Duration:00:06:12
An Garda Breandán Mac Artáin.
10/14/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair Breandán ar sheoladh an fheachtais ‘Cósta ar Aire’ ag ócáid sna Cealla Beaga inné, eachtra gadaíochta a tharla i gceantar Ard a’Rátha le gairid agus labhair sé faoi oibríocht Thor atá i bhfeidhm anois le dul i ngleic le heachtraí mar seo don gheimhreadh.
Duration:00:07:50
Brian Ó Fearraigh Paramíocháine Sinsir leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna.
10/14/2025
Tá Seirbhís Fuil-Aistriúcháin na hÉireann ag impí ar phobal Dhún na nGall theacht amach chuig a gcuid clinicí an tseachtain seo agus tá Brian linn le labhairt faoin tábhacht a bhaineann le fuil a thabhairt má tá tú ábalta.
Duration:00:08:07
Noel Mac Giolla Bhríde Oifigeach Stáisiún Bhriogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair.
10/14/2025
Tá Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin ar siúl go náisiúnta an tseachtain seo agus tá Noel linn inniu le comhairle a thabhairt dúinn faoin ábhar seo.
Duration:00:09:52
Máire Ní Choilm, bean tí as Dún Lúiche.
10/14/2025
Tá sé fógraithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary go mbeidh deontas ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le cuidiú leo troscán úr a chéannacht agus tá Máire linn leis an fhógra seo a phlé.
Duration:00:08:50
Maighreád Uí Annluain ó sheomra na Nuachta.
10/14/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:58
Barrscéalta, clár iomlán, 14/10/2025.
10/14/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:54:00
Seán Neansaí Ó Gallachóir, iar-imreoir le Gaoth Dobhair agus an tráchtaire spóirt, Owenie Mac Gairbheith.
10/13/2025
Ag déanamh plé ar chluiche ceannais sinsear peile Dhún na nGall ar an Domhnach, áit a raibh lámh in uachtar ag Naomh Conaill ar Ghaoth Dobhair.
Duration:00:12:53
Pacáiste ó Chluiche Ceannais Sinsear Peile Dhún na nGall.
10/13/2025
Labhair Damien Ó Dónaill leo seo a leanas i ndiaidh bua Naomh Conaill ar Ghaoth Dobhair. Jeaic Mac Ceallbhuí, Mary agus Cróna Regan, Paddy Ó Dochartaigh, Daniel Mac Gaoithín agus Seosamh Mac Ceallbhuí. Tá blaiseadh de ‘Naomh Conaill’ píosa filíochta nua-chumtha le Dónal Ó Ceallaigh le cloisteáil mar chuid den phacáiste fosta.
Duration:00:21:42
An Dochtúir Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Conradh na Gaeilge.
10/13/2025
Labhair Pádraig faoin damáiste a rinneadh de chomharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine agus phlé sé fosta an rún a bhí an DUP ag cur os comhair an tionóil inniu ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an pholasaí seo maidir le comharthaíocht dátheangach.
Duration:00:10:59
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra ana Nuachta.
10/13/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:06:37
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
10/10/2025
Mír grinn seachtainiúil Mhary Aggie agus a cuid smaointe ar an chluiche.
Duration:00:03:47
An tAthair Seán Ó Gallchóir.
10/10/2025
Tháinig saineolaí na bhfíricí peile anseo i nDún na nGall, an tAthair Seán Ó Gallchóir isteach againn agus seo mar a rinne sé cur síos ar an stair idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill.
Duration:00:13:32