
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Andy Caomhánach fear na ríomhairí.
11/19/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta, teicneolaíochta agus na meáin.
Duration:00:10:25
Cartlann na Céadaoine.
11/19/2025
Ar an naoú lá de mhí na Samhna1935 báthadh naoi gcloigeann déag a bhí ar bhád a bhí ag dul go hoileán Árainn Mhór. Tá muid ag dul siar inniu mar chuid de mhír cartlainne na seachtaine seo go dtí’n cúigiú lá déag de Shamhain 1976 nuair a labhair Pádraig Ó Gallchóir le Timlín Ó Cearnaigh faoin tragóid uafásach sin.
Duration:00:07:59
Seán Ó Baoill.
11/19/2025
Tá Stiúrthóir Clár úr teilifíse a bheas a chraoladh anocht ar TG4 “Glacaim Leat”, Seán Ó Baoill linn inniu le cur sios a dhéanamh ar an clár a bheidh le feiceail ar TG4 anocht ag 9.30in.
Duration:00:11:08
An Feirmeoir Shaunie Ó Baoill.
11/19/2025
Bhí cruinniú ar siúl aréir ag Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann in Inis Eoghain leis an imní atá orthu faoi bhealaigh glasa atá molta sa cheantar a phlé. Bhí an feirmeoir Shaunie Ó Baoill i láthair aréir agus imní léirithe ag feirmeoirí faoin tionchar atá ag orduithe ceannaigh éigeantaigh orthu.
Duration:00:14:39
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
11/19/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:43
Barrscéalta, clár iomlán, 19/11/2025.
11/19/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:07
Anna Nic Lochlainn Bainisteoir an Ghailearaí i nGaoth Dobhair.
11/18/2025
Tá taispeántas ealaíne ar siúl faoi láthair sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair, Anseo is Ansiúd teideal an taispeántais agus le níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin taispeántas tá Anna Nic Lochlainn.
Duration:00:11:41
Kevin Burns Ceannaire Foghlama RTÉ.
11/18/2025
Tá Kevin ag cur síos ar an Scéim Intéirneachta RTÉ agus an tairbhe a thig a bhaint as an scéim seo.
Duration:00:07:24
An tAthair Pádraig Ó Baoighill.
11/18/2025
Dhéanfar an leabhar Scríbhneoirí, Filí agus Ceoltóirí as Gaeltacht Láir Thír Chonaill a sheoladh oíche hAoine 21ú Samhain ag Éigse Sheáin Bháin i mBaile na Finne. Sé an Sagart Pádraig Ó Baoighill údar an leabhair.
Duration:00:08:13
An Garda Eamonn Ó Gallchóir.
11/18/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
Duration:00:07:32
Brian Ó Gallchóir Oifigeach Forbartha, Rannóg Fiontraíochta agus Gno le Glór na nGael.
11/18/2025
D’éirigh le trí ghnó as Dún na nGall Bonn Óir a bhaint sna rannógaí uilig ag Gradaim Gnó na hÉireann, agus Glór na nGael i mbun na ngradam seo, a bronnadh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inné. Bhí cuid mhór gnóanna ón taobh seo tíre i láthair ag an ócáid agus bronnadh gradaim airgid agus gradaim chré umha ar go leor gnóanna eile.
Duration:00:08:25
Mairéad Ní Mhaoilchiaráín ó sheomra na Nuachta.
11/18/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:48
Barrscéalta, clár iomlán, 18/11/2025.
11/18/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:44
Hughie Rua Ó Gallchóir.
11/17/2025
Thóg Troy Parrot agus foireann na hÉireann muid aréir nuair a fuair siad cúl go domhain in am breise le deis a thabhairt d’Éirinn cáiliú do chorn an domhain agus tá Hughie Rua Ó Gallchóir linn le plé a dhéanamh ar an cluiche.
Duration:00:07:42
Paula Mhic Cumhail Oifigeach Óige agus Oideachais, Ionad óige Ghaoth Dobhair.
11/17/2025
Beidh Club Óige, Ionad Óige Ghaoth Dobhair ag athoscailt agus beidh clárú ar siúl Dé Céadaoin, an 19 Samhain ag 6:00 i.n.
Duration:00:05:32
Eugene Mac Gairbheith ó CLG An Chlochán Leith agus Mary Ní Bhrian Oifigeach Pleanála Teanga na Rosann.
11/17/2025
Bhí ócáid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ar siúl oíche hAoine i mBaile Átha Cliath agus d’eirigh le CLG An Chlochán Liath Bonn Óir a bhaint amach agus tá Eugene agus Mary linn le cur síos a dhéanamh ar an ócáid.
Duration:00:12:56
An Saoririseoir Caroline Kavanagh atá lonnaithe i nDún Dealgan.
11/17/2025
Tá Caroline ag labhairt ar an timpiste uafasach a tharla ag an Deireadh Seachtaine agus an am crua atá amach rompu agus í ag impí ar na daoine óga a bheith cúramach ar na bóithre.
Duration:00:05:01
Fiona Mulholland, Leas Phríomhoide Coláiste Inbhir, Carraig Mhachaire Rois.
11/17/2025
Tá Fiona Mulholland ag labhairt ar an timpiste tragóide a tharla i gContae Lú nuair a maróidh cúigear ag na Deireadh Seachtaine agus an tionchur atá aige ar phobal na scoile agus an pobal máguaird.
Duration:00:04:55
Tom Ó Muirí Uachtarán Aontas Cógaiseoirí na hÉireann.
11/17/2025
Ó mí Mhárta na bliana seo chugainn ar aghaidh beidh cead ag Poitigéirí cógais áirithe a chur ar fáil don gan oidis ón Dochtúir Teaghlaigh. Shínigh an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill reachtaíocht úr le go mbeidh an tseirbhís seo ceadaithe i siopaí poitigéire sa stáit. Tá Tom linn le cur sios a dhéanamh ar seo.
Duration:00:07:00
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
11/17/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:48