
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
An Staraí áitiúil An Dr Seosamh Ó Ceallaigh.
11/20/2025
Beidh cur i láthair faoin Ghorta Mór i gCloich Cheann Fhaola agus an iar-thuaisceart ar siúl ag an Dr. Seosamh ó Ceallaigh in Ostán Loch Altan anocht mar chuid de shraith léachtaí atá a reáchtáil ag coiste chuimhneacháiin Choláiste Uladh.
Duration:00:11:11
Carol Uí Bhiataigh, Bun na Leaca, Gaoth Dobhair.
11/20/2025
Tá cónaí ar Carol agus a teaghlach i dteach le brící lochtacha ann agus tá an teach le leagan agus le h-áthógail. Tá sí ag lorg tigh le glacadh ar cíos do theaghlach de sheisear fhad agus atá an obair sin a dhéanamh. Cuireann Carol síos ar an dóigh a bhfuair siad eolas faoi na deacrachtaí an chéad lá.
Duration:00:24:10
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.
11/20/2025
Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag plé cúrsaí sláinte agus leighis. I measc na n-ábhar a bhí a bplé inniu bhí an infheistíocht úr atá le déanamh i gcúrsaí meabhairshláinte agus folláine trasteorann agus an cinneadh reachtaíocht úr a chur i bhfeidhm le deileáil le vápáil ó ghléasanna aon úsáide.
Duration:00:08:40
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.
11/20/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:42
Barrscéalta, clár iomlán,
11/20/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú inniu ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:19
Andy Caomhánach fear na ríomhairí.
11/19/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta, teicneolaíochta agus na meáin.
Duration:00:10:25
Cartlann na Céadaoine.
11/19/2025
Ar an naoú lá de mhí na Samhna1935 báthadh naoi gcloigeann déag a bhí ar bhád a bhí ag dul go hoileán Árainn Mhór. Tá muid ag dul siar inniu mar chuid de mhír cartlainne na seachtaine seo go dtí’n cúigiú lá déag de Shamhain 1976 nuair a labhair Pádraig Ó Gallchóir le Timlín Ó Cearnaigh faoin tragóid uafásach sin.
Duration:00:07:59
Seán Ó Baoill.
11/19/2025
Tá Stiúrthóir Clár úr teilifíse a bheas a chraoladh anocht ar TG4 “Glacaim Leat”, Seán Ó Baoill linn inniu le cur sios a dhéanamh ar an clár a bheidh le feiceail ar TG4 anocht ag 9.30in.
Duration:00:11:08
An Feirmeoir Shaunie Ó Baoill.
11/19/2025
Bhí cruinniú ar siúl aréir ag Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann in Inis Eoghain leis an imní atá orthu faoi bhealaigh glasa atá molta sa cheantar a phlé. Bhí an feirmeoir Shaunie Ó Baoill i láthair aréir agus imní léirithe ag feirmeoirí faoin tionchar atá ag orduithe ceannaigh éigeantaigh orthu.
Duration:00:14:39
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
11/19/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:43
Barrscéalta, clár iomlán, 19/11/2025.
11/19/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:07
Anna Nic Lochlainn Bainisteoir an Ghailearaí i nGaoth Dobhair.
11/18/2025
Tá taispeántas ealaíne ar siúl faoi láthair sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair, Anseo is Ansiúd teideal an taispeántais agus le níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin taispeántas tá Anna Nic Lochlainn.
Duration:00:11:41
Kevin Burns Ceannaire Foghlama RTÉ.
11/18/2025
Tá Kevin ag cur síos ar an Scéim Intéirneachta RTÉ agus an tairbhe a thig a bhaint as an scéim seo.
Duration:00:07:24
An tAthair Pádraig Ó Baoighill.
11/18/2025
Dhéanfar an leabhar Scríbhneoirí, Filí agus Ceoltóirí as Gaeltacht Láir Thír Chonaill a sheoladh oíche hAoine 21ú Samhain ag Éigse Sheáin Bháin i mBaile na Finne. Sé an Sagart Pádraig Ó Baoighill údar an leabhair.
Duration:00:08:13
An Garda Eamonn Ó Gallchóir.
11/18/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
Duration:00:07:32
Brian Ó Gallchóir Oifigeach Forbartha, Rannóg Fiontraíochta agus Gno le Glór na nGael.
11/18/2025
D’éirigh le trí ghnó as Dún na nGall Bonn Óir a bhaint sna rannógaí uilig ag Gradaim Gnó na hÉireann, agus Glór na nGael i mbun na ngradam seo, a bronnadh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inné. Bhí cuid mhór gnóanna ón taobh seo tíre i láthair ag an ócáid agus bronnadh gradaim airgid agus gradaim chré umha ar go leor gnóanna eile.
Duration:00:08:25
Mairéad Ní Mhaoilchiaráín ó sheomra na Nuachta.
11/18/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:48
Barrscéalta, clár iomlán, 18/11/2025.
11/18/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:44
Hughie Rua Ó Gallchóir.
11/17/2025
Thóg Troy Parrot agus foireann na hÉireann muid aréir nuair a fuair siad cúl go domhain in am breise le deis a thabhairt d’Éirinn cáiliú do chorn an domhain agus tá Hughie Rua Ó Gallchóir linn le plé a dhéanamh ar an cluiche.
Duration:00:07:42
Paula Mhic Cumhail Oifigeach Óige agus Oideachais, Ionad óige Ghaoth Dobhair.
11/17/2025
Beidh Club Óige, Ionad Óige Ghaoth Dobhair ag athoscailt agus beidh clárú ar siúl Dé Céadaoin, an 19 Samhain ag 6:00 i.n.
Duration:00:05:32