
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Andy Caomhánach, fear na ríomhairí.
11/26/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta, teicneolaíochta agus na meáin. Thug Andy comhairle inniu faoin dóigh le siopadóireacht a dhéanamh go sábháilte ar líne.
Duration:00:09:55
Paula Mhic Cumhaill.
11/26/2025
Tá Coiste Ghradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall ag leanstan ar aghaidh ag glacadh le hainmniúcháin do Ghradaim 2025, agus an spriocdháta ag druidim linn— Dé hAoine, an 28ú Samhain. Tá Paula Mhic Cumhaill atá ar choiste Ghradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall linn inniu le labhairt faoi.
Duration:00:03:53
Cartlann na Céadaoine.
11/26/2025
Cloisfidh muid inniu ó Mháire Nic Fheargail as Ard Leathan sa Ghaeltacht Láir agus muid ag dul ar ais go mí na Samhna 1995. Bhí sí cúig bliana déag agus na ceithre scór d’aois 95 bliain ar an dara lá is fiche de mhí na Samhna 1995. Seo mar a labhair sí le Conall Ó Dubhaigh.
Duration:00:06:42
An Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
11/26/2025
Beidh ócáid eolais ar siúl ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Chlochán Liath amárach le heolas a thabhairt don phobal faoi na deontais atá ar fáil le obair a dhéanamh ar do theach nó b’fhéidir sean teach a chóiriú suas agus tá John linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn.
Duration:00:06:09
Eddie Ó Briain & John Cannon.
11/26/2025
Ar an 29ú lá de mhí na Samhna beidh ceiliúradh mór in Óstán Loch Altan nuair a bheas Eddie Hannah Ó Briain ag ceiliúradh 70 bliain d’aois, labhair Eddie faoina aistear ailse féin agus tá John mar chara mór aige agus beidh sé ag seinm ar an oíche. Rachaidh achan phingin a chruinneofar chun sochar d’Eitiltí agus Seirbhísí ailse Dhún na nGall.
Duration:00:17:14
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó sheomra na Nuachta.
11/26/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:49
Barrscéalta, clár iomlán, 26/11/2025.
11/26/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú inniu ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:54:10
Conal Mac Corraidh as Béal Feirste.
11/25/2025
Dhéanfar an gheamaireacht Luaithríona nó Cinderella a chur ar stáitse sa Chultúrlann i nBéal Feirste an tseachtain seo, 29ú Samhain agus ba é Conall a scríobh agus atá ag stiúradh na geamaireachta.
Duration:00:06:23
An tSairsint John Joe Mac Laifeartaigh.
11/25/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Rinne John Joe cur síos orthu sin a fuair gradaim ag Gradaim Náisiúnta Óige an Gharda Síochána, thug sé rabhadh do thuismitheoirí fios a bheith acu cá bhfuil a gcuid páistí san oíche. Bhí sé ag lorg eolais ón phobal faoi roinnt eachtraí a tharla sa chontae le seachtain anuas.
Duration:00:06:14
James Anthony Mac Fhionnghaile.
11/25/2025
Tá sé fógraithe ag Gréasán Gnó Dhún na nGall i mBaile Átha Cliath go mbronnfar an gradam do Phearsa Ghnó na Bliana seo ar James Anthony McGinley ó chomhlacht busanna John Mc Ginley.
Duration:00:06:26
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
11/25/2025
Tá 346 páiste i nDún na nGall ag fanacht ar scrúdú Measúnaithe ar Riachtanais nó scrúdú AON agus as an 55 páiste ar dearnadh measúnú orthu i mbliana ní raibh ach páiste amháin a fuair an scrúdú taobh istigh den tréimhse ama dlithiúil de shé mhí. Cháin an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh an rialtas go láidir mar gheall ar na figiúirí seo
Duration:00:10:26
Mairéad Ní Mhaoilchiaráín ó sheomra na Nuachta.
11/25/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:31
Mark Harte, Tráctaire Spóirt.
11/24/2025
Mark ag plé ar na cluichí club a bhí ar siúl i gCraobh Uladh thar an deireadh seachtaine.
Duration:00:07:22
Daithí ó Haragáin agus Úna Ní Bhriain.
11/24/2025
Tá Daithí Ó hAragáin as Leitir Ceanainn i measc na n-aisteoirí atá le feiceáil sa dráma úr teilifíse ar Channel 4 - Dráma dár teideal ‘Trespasses’. Ceithre chlár a bhí sa tsraith a thoisigh Dé Domhnaigh agus a chríochnaigh Dé Céadaoine.
Duration:00:20:01
An tOllamh Michael Ó Dochartaigh, Iarr cheann roinne, scoil na tréidliachta i gColáiste Ollscoile Bhaile Cliath.
11/24/2025
Ag labhairt ar an Clár úr Tréidliachta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceannainn a dhéanfaidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless a sheoladh go hoifigiúil tráthnóna inniu.
Duration:00:09:35
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta
11/24/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre agus Cruinniu Buiséad Comhairle Contae. Labhair Frances Nic Géadaigh i ndiaidh an cruinniú le na Comhairleoirí Contae Denis Mac Aoidh agus Mícheal Cholm Mac Giolla Easpuig, Chomh maith le Micheal Mac Gairbheith- stiúrthóir comhshaol na Comhairle Contae i ndiaidh an cruinniú.
Duration:00:12:48
Barrscéalta, clár iomlán, 24/11/2025.
11/24/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú inniu ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:29
Mary Aggie ón Pholl Dóite, Rann na Feirste.
11/21/2025
Mír grinn rialta le Mary Aggie ar chlár na hAoine.
Duration:00:07:10
An Trachtaire Spóirt Mark Harte as Tír Eoghain.
11/21/2025
Ag cur síos ar na cluichí leath cheannais i gcraobH Club CHuige Uladh a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Duration:00:04:13
Mícheal Mac Giolla Easbuig, Bainisteoir Réigiúnach Udáras na Gaeltachta agus Brídín Uí Ghallchóir as Coiste Forbartha Éadan Fhionn Fraoich.
11/21/2025
Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil an comórtas “Gradaim na Gaeltachta” do thograí pobalbhunaithe le haird an phobail a tharraingt ar an obair mhór atáá dhéanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht agus is iad Coiste Forbartha An Éadain Fhionn Fraoch buaiteoir an chéad dhuais.
Duration:00:09:42