
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Andy Caomhánach.
10/1/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta, teicneolaíochta agus na meáin. Labhair Andy inniu faoin tsraith ‘House of Guinness’ agus é ar an chéad shraith ar Netflix le fotheidil i nGaeilge.
Duration:00:07:21
Denis Mac Géidigh, leabharlannaí i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.
10/1/2025
Cuirfear tús leis an fhéile ealaíne agus leabhar do pháistí, Wainfest, Dé Sathairn seo, an 4ú Deireadh Fómhair agus mairfidh sé ar feadh seachtaine go dtí an 12ú Deireadh Fómhair. Tá Denis linn le plé a dhéanamh ar fhéile na bliana seo agus na himeachtaí a bheas ag tarlú.
Duration:00:05:44
Cartlann na Céadaoine.
10/1/2025
Inniu tá beirt Dhálach, Dinny Dhomhnaill Ó Domhnaill agus Vincie Shíle Ó Domhnaill, go ndéanfaidh Dia mhaith orthu. Seo mar a labhair siad le hÁine Ní Chuireáin faoin chuairt a thug siad féin ar Mhadrid na Spáinne sa bhliain 2002, áit a raibh ceiliúradh ar siúl i gcuimhne ar Aodh Rua Ó Domhnaill a fuair bás 400 bliain roimhe sin.
Duration:00:08:48
Daithí Alcorn, ball de Choiste Siúlóid an tSeanbhóthair Iarainn in Ailt a’Chorráin.
10/1/2025
Tá comharthaí úra dátheangacha crochta ar shiúlóid an tSeanbhóthair Iarainn in Ailt a’Chorráin agus tá forbairtí eile déanta ar an tsiúlóid le tamall anuas.
Duration:00:06:17
Breandán Ó Beirn, Stiofán Seoighe iascaire agus úinéir báid agus Máirtín Ó Conghaile iascaire as Ros a Mhíl.
10/1/2025
Beidh tionscal na hiascaireachta sna Cealla Beaga i mbaol má ghlactar le moltaí úra atá curtha faoi bhráid an Aontais Eorpaigh maidir le hiascaireachta murlas de, sé sin, 70% de laghdú ar chuótaí murlas agus laghdú 41% ar an fhaoitín gorm.
Duration:00:21:29
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó sheomra na Nuachta.
10/1/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:08
Barrscéalta, clar iomlán, 01/10/2025.
10/1/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:56:04
Cathaoirleach CLG Dhún na nGall, Máire Ní Chochláin.
9/30/2025
Bhí preasócáid ar siúl aréir ag CLG Dhún na nGall agus cluichí ceannais Sóisir, Idirmheánach agus Sinsir na contae ar siúl. Labhair Chathaoirleach Bhord na Contae Máire Ní Chochláin le Conor Ó Gallachóir faoi na seachtainí atá amach romhainn ó thaobh na gcluichí de.
Duration:00:05:12
Agallamh le Eugene Mac Grianna as Loch an Iúir.
9/30/2025
D’fhógair Comhairle Contae Dhún na nGall ar na mallaibh go bhfuil deontas de dhá chéad caoga míle euro a chur ar fáil le Páirc Súgartha úr a thógáil i Loch an Iúir. Fuair Damien Ó Dónaill an deis cuairt a thabhairt ar an tsuíomh ina mbeidh an pháirc úr súgartha seo le tógáil agus labhair sé le Eugene Mac Grianna ó Choiste Chultúrtha Loch an Iúir.
Duration:00:23:17
An Garda Éamonn Ó Gallachóir.
9/30/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair Éamonn inniu faoin fhiosrúchán leanúnach atá ar bun mar gheall ar thragóid an Chraoslaigh agus eachtraí gadaíochta a tharla i mBaile na Finne, Leitir Ceanainn agus Bealach Féich.
Duration:00:07:25
An Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
9/30/2025
Ag labhairt ar na socraithe atá déanta ag Páirc Naisiúnta Ghleann Bheatha a bheith druidte achan Luan agus achan Aoine, sé sin,ní bhíonn teacht ar thurais sa chaisleán agus bíonn an caisleán go hiomlán druidte do chuairteoirí.
Duration:00:08:22
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
9/30/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:07:33
Barrscéalta, clár iomlán, 30/09/2025.
9/30/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:32
Frances Nic Géadaigh.
9/29/2025
Beo ó oifigí Chomhairle Contae Dhún na nGall, áit ar cuireadh cruinniú de chuid na comhairle ar athlá mar gheall ar easaontas faoi cheannacht an tsuímh ar tharla tragóid an Chraoslaigh ar trí bliana ó shin ar an Chraoslach, áit ar maraíodh deichniúr.
Duration:00:01:45
Owenie Mac Gairbheith, Tráchtaire Spóirt.
9/29/2025
Siúl siar ar na cluichí a bhí ar siúl i gCraobhacha Peile Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine.
Duration:00:10:05
Pacáiste Dorn san Aer.
9/29/2025
Rinne na sluaite freastal ar fhéile Dorn san Aer a bhí ar siúl i ndíl chuimhne ar an tráchtaire Ronan Mac Aodh Bhuí. D’oscail ambasadóir na Palaistíne, an Dr Jilan Wahba Abdalmajid an fhéile go hoifigiúil agus labhair sí in Arabis agus ina dhiaidh sin léigh Fionnuala Nic Aodha Bhuí, iníon le Rónán aistriúchán Gaeilge de chuid cainte an ambasadóra.
Duration:00:07:11
Maighreád uí Annluain ó sheomra na Nuachta.
9/29/2025
Le scéalta móra nuachta an lae.
Duration:00:05:09
Danny Ó Dónaill.
9/26/2025
Ag déanamh anailís ar chluichí craoibhe peile na bhfear a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Duration:00:08:38
Garraíodóir Chluain na dTor, Deirdre Ní Bhraonáin.
9/26/2025
Mír rialta le Deirdre ag caint inniu faoi shíolta éagsula agus an dóigh le hiad a aithne, a mbailiú agus a gcur. Cur síos fosta ar leasanna agus pónairí éagsúla.
Duration:00:10:52
Shane Ó Curraighín, Comhfhreagraí an Iarthuaiscirt le RTÉ News.
9/26/2025
Tá mór chuardach ar bun amach ó chósta an Mhullaigh Mhóir i Sligeach go Bá Dhún na nGall d’iascaire atá ar iarraidh ó thráthnóna inné.
Duration:00:03:41