
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Conal Mac Corraidh as Béal Feirste.
11/25/2025
Dhéanfar an gheamaireacht Luaithríona nó Cinderella a chur ar stáitse sa Chultúrlann i nBéal Feirste an tseachtain seo, 29ú Samhain agus ba é Conall a scríobh agus atá ag stiúradh na geamaireachta.
Duration:00:06:23
An tSairsint John Joe Mac Laifeartaigh.
11/25/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Rinne John Joe cur síos orthu sin a fuair gradaim ag Gradaim Náisiúnta Óige an Gharda Síochána, thug sé rabhadh do thuismitheoirí fios a bheith acu cá bhfuil a gcuid páistí san oíche. Bhí sé ag lorg eolais ón phobal faoi roinnt eachtraí a tharla sa chontae le seachtain anuas.
Duration:00:06:14
James Anthony Mac Fhionnghaile.
11/25/2025
Tá sé fógraithe ag Gréasán Gnó Dhún na nGall i mBaile Átha Cliath go mbronnfar an gradam do Phearsa Ghnó na Bliana seo ar James Anthony McGinley ó chomhlacht busanna John Mc Ginley.
Duration:00:06:26
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
11/25/2025
Tá 346 páiste i nDún na nGall ag fanacht ar scrúdú Measúnaithe ar Riachtanais nó scrúdú AON agus as an 55 páiste ar dearnadh measúnú orthu i mbliana ní raibh ach páiste amháin a fuair an scrúdú taobh istigh den tréimhse ama dlithiúil de shé mhí. Cháin an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh an rialtas go láidir mar gheall ar na figiúirí seo
Duration:00:10:26
Mairéad Ní Mhaoilchiaráín ó sheomra na Nuachta.
11/25/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:31
Mark Harte, Tráctaire Spóirt.
11/24/2025
Mark ag plé ar na cluichí club a bhí ar siúl i gCraobh Uladh thar an deireadh seachtaine.
Duration:00:07:22
Daithí ó Haragáin agus Úna Ní Bhriain.
11/24/2025
Tá Daithí Ó hAragáin as Leitir Ceanainn i measc na n-aisteoirí atá le feiceáil sa dráma úr teilifíse ar Channel 4 - Dráma dár teideal ‘Trespasses’. Ceithre chlár a bhí sa tsraith a thoisigh Dé Domhnaigh agus a chríochnaigh Dé Céadaoine.
Duration:00:20:01
An tOllamh Michael Ó Dochartaigh, Iarr cheann roinne, scoil na tréidliachta i gColáiste Ollscoile Bhaile Cliath.
11/24/2025
Ag labhairt ar an Clár úr Tréidliachta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceannainn a dhéanfaidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless a sheoladh go hoifigiúil tráthnóna inniu.
Duration:00:09:35
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta
11/24/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre agus Cruinniu Buiséad Comhairle Contae. Labhair Frances Nic Géadaigh i ndiaidh an cruinniú le na Comhairleoirí Contae Denis Mac Aoidh agus Mícheal Cholm Mac Giolla Easpuig, Chomh maith le Micheal Mac Gairbheith- stiúrthóir comhshaol na Comhairle Contae i ndiaidh an cruinniú.
Duration:00:12:48
Barrscéalta, clár iomlán, 24/11/2025.
11/24/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú inniu ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:29
Mary Aggie ón Pholl Dóite, Rann na Feirste.
11/21/2025
Mír grinn rialta le Mary Aggie ar chlár na hAoine.
Duration:00:07:10
An Trachtaire Spóirt Mark Harte as Tír Eoghain.
11/21/2025
Ag cur síos ar na cluichí leath cheannais i gcraobH Club CHuige Uladh a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Duration:00:04:13
Mícheal Mac Giolla Easbuig, Bainisteoir Réigiúnach Udáras na Gaeltachta agus Brídín Uí Ghallchóir as Coiste Forbartha Éadan Fhionn Fraoich.
11/21/2025
Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil an comórtas “Gradaim na Gaeltachta” do thograí pobalbhunaithe le haird an phobail a tharraingt ar an obair mhór atáá dhéanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht agus is iad Coiste Forbartha An Éadain Fhionn Fraoch buaiteoir an chéad dhuais.
Duration:00:09:42
An Staraí áitiúil An Dr Seosamh Ó Ceallaigh.
11/20/2025
Beidh cur i láthair faoin Ghorta Mór i gCloich Cheann Fhaola agus an iar-thuaisceart ar siúl ag an Dr. Seosamh ó Ceallaigh in Ostán Loch Altan anocht mar chuid de shraith léachtaí atá a reáchtáil ag coiste chuimhneacháiin Choláiste Uladh.
Duration:00:11:11
Carol Uí Bhiataigh, Bun na Leaca, Gaoth Dobhair.
11/20/2025
Tá cónaí ar Carol agus a teaghlach i dteach le brící lochtacha ann agus tá an teach le leagan agus le h-áthógail. Tá sí ag lorg tigh le glacadh ar cíos do theaghlach de sheisear fhad agus atá an obair sin a dhéanamh. Cuireann Carol síos ar an dóigh a bhfuair siad eolas faoi na deacrachtaí an chéad lá.
Duration:00:24:10
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.
11/20/2025
Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag plé cúrsaí sláinte agus leighis. I measc na n-ábhar a bhí a bplé inniu bhí an infheistíocht úr atá le déanamh i gcúrsaí meabhairshláinte agus folláine trasteorann agus an cinneadh reachtaíocht úr a chur i bhfeidhm le deileáil le vápáil ó ghléasanna aon úsáide.
Duration:00:08:40
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.
11/20/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:42
Barrscéalta, clár iomlán,
11/20/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú inniu ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:19
Andy Caomhánach fear na ríomhairí.
11/19/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta, teicneolaíochta agus na meáin.
Duration:00:10:25
Cartlann na Céadaoine.
11/19/2025
Ar an naoú lá de mhí na Samhna1935 báthadh naoi gcloigeann déag a bhí ar bhád a bhí ag dul go hoileán Árainn Mhór. Tá muid ag dul siar inniu mar chuid de mhír cartlainne na seachtaine seo go dtí’n cúigiú lá déag de Shamhain 1976 nuair a labhair Pádraig Ó Gallchóir le Timlín Ó Cearnaigh faoin tragóid uafásach sin.
Duration:00:07:59