
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn.
10/7/2025
Cuirfear tús le Féile an Fhómhair i Leitir Ceanainn inniu agus labhair Bairbre linn faoi fhéile na bliana seo.
Duration:00:04:56
Rónán Mac Niallais, bainisteoir Ghaoth Dobhair.
10/7/2025
Tá muid ag druidim i dtreo chluiche ceannais peile na contae ar an Domhnach idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le bhainisteoir Ghaoth Dobhair, Rónán Mac Niallais ag an ócáid preas a bhí ar siúl ar an tseachtain seo a chuaigh thart.
Duration:00:11:17
Joe McHugh & Proinsias Ó Cuilinn.
10/7/2025
Beidh seó aonair a chur ar stáitse ag Joe Mc Hugh oíche Dhéardaoin in Amharclann Ghaoth Dobhair agus labhair Joe agus Proinsias Ó Cuilinn, a chomhscríobh an dráma linn faoin dráma.
Duration:00:12:41
Máire Ní Chochláin, Cathaoirleach CLG Dhún na nGall.
10/7/2025
Bhí cruinniú de Bhord na Contae ag CLG Dhún na nGall aréir agus cepaadh bainisteoirí na bliana 2026 de fhoirne peile agus iománaíochta Dhún na nGall ó faoi 17 go sinsir. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le Cathaoirleach CLG Dhún na nGall, Máire Ní Chochláin faoi cheapachán Jim McGuinness mar bhainisteoir ar an fhoireann shinsear.
Duration:00:09:21
An tSáirsint John Joe Mac Laifeartaigh.
10/7/2025
Labhair John Joe linn inniu faoi maidir leis an tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre, cleas AI atá ag dul thart ar na meáin shóisialta agus srianta tráchta a bheas i bhfeidhm mar gheall ar ócáid chuimhneacháin a bheas ar siúl ar an Chraoslach inniu, trí bliana ó tharla an tragóid uafásach ar an bhaile.
Duration:00:06:09
Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na Nuachta.
10/7/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:38
Barrscéalta, clár iomlán, 07/10/2025.
10/7/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:16
Caoimhe Nic Fhloinn, imreoir le Gleann Fhinne.
10/6/2025
D’éirigh le Gleann Fhinne Craobh Shinsir na mBan a bhaint ag an deireadh seachtaine nuair a fuair siad lámh in uachtar ar an Tearmann.
Duration:00:04:00
Niamh Ní Bhaoill, imreoir le Naomh Columba.
10/6/2025
Rinne Niamh cur síos ar an bhua a bhí ag foireann ban Naomh Columba inné nuair a bhuail siad Iorras leis an Chraobh Shóisir a bhaint.
Duration:00:04:33
Padaí Beag Mac Giolla Easbuig, Uachtarán CLG Naomh Columba.
10/6/2025
Bhí lá stairiúil ag CLG Naomh Columba nuair a d’éirigh leo Craobh Idirmheánach Peile na bhFear a bhaint inné den chéad uair riamh i ndiaidh daofa lámh in uachtar a fháil ar Mhálainn agus d’éirigh leo Craobh Shóisir na mBan a bhaint inné fosta nuair a fuair siad an bua ar Iorras.
Duration:00:12:14
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
10/6/2025
Chuir an Comhairleoir Denis Mac Aoidh a mhíshástacht in iúl nach raibh plean éigeandála i bhfeidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall do dhaoine i dtithe le brící lochtacha le linn stoirm Amy.
Duration:00:07:47
Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann & An Teachta Dála, Pat the Cope Ó Gallachóir.
10/6/2025
Bhí cruinniú éigeandála ag an Aire Stáit i Roinn na Mara, Timmy Dooley le hionadaithe ó earnáil na hiascaireachta le plé a dhéanamh ar na moltaí atá curtha faoi bhráid an Aontais Eorpaigh. Labhair Pat fosta faoin scéal maidir le hiarrthóir Fhianna Fáil, Jim Gavin ag tarraingt siar ó thoghchán na hUachtaránachta.
Duration:00:19:55
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó sheomra na Nuachta.
10/6/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:52
Barrscéalta, clár iomlán, 06/10/2025.
10/6/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:56:01
Paul O’Hare imreoir Naomh Columba, Caoimhe Uí Fhearáin ó chumann Mhálainne agus Danny Ó Dónaill.
10/3/2025
Ag plé cluiche ceannais idirmheánach Dhún na nGall a imreofar ar an Domhnach idir Naomh Columba agus Málainn.
Duration:00:14:00
Michael Mac Gairbheith, Stiúrthóir Comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall.
10/3/2025
I ráiteas atá eisithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall tá siad ag impí ar an phobal fanacht sa bhaile agus gan taisteal le linn stoirm Amy a bhéas ag teacht i dtír i dtrátha an mheán lae inniu.
Duration:00:05:11
Aoibhín Ní Dheagha ó Tír Bakehouse agus Marianne Ní Dhomhnaill ó Kombucha na Dálaigh.
10/3/2025
Tá ceithre tháirgeoir déag bídh as Dún na nGall san iomaíocht do Ghradaim Blas na hÉireann a bhéas a fhógairt inniu ag Féile Bia Dhaingean Uí Chúis agus tá Tír Bakehouse agus Kombucha na Dálaigh i measc na gcomhlachtaí ar an ghearrliosta.
Duration:00:07:03
Breandán de Gallaí, damhsóir cáiliúil as Gaoth Dobhair.
10/2/2025
Craolfar clár faisnéise anocht ar RTÉ 1 dírithe ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin de Gallaí as Gaoth Dobhair agus déanann Breandán cur síos ar an chlár.
Duration:00:07:09
CCaoimhe Nic Fhloinn as CLG Gleann Fhinne, Anna Ní Ghallchóir as CLG an Tearmainn agus Niamh Ní Bhaoill as CLG Naomh Columba.
10/2/2025
Imreofar cluichí ceannais sóisir agus sinsir peile na mban an deireadh seachtaine seo. Dé Sathairn imreofar cluiche ceannais sinsir na craoibhe idir an Tearmann agus Gleann Fhinne agus Dé Domhnaigh imreofar an cluiche ceannais sóisear idir Naomh Columba agus Iorras.
Duration:00:11:23
Declan Ó Míocháin, a mháthair Frances Uí Mhíocháin agus Peadar Ó hArlaigh lena mháthair Patricia Uí Arlaigh.
10/2/2025
Ag cur síos ar eachtra a tharla nuair a fuair Peadar isteach i dtrioblóid agus é ag snámh san fharraige i mBun an Inbhir i mí Lúnasa na bliana seo agus an dóigh ar éirigh le Declan tarrtháil a thabhairt air.
Duration:00:19:13