
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Damien Ó Dónaill, Clár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
10/9/2025
Ag tuairisciú beo ó Halla na Cathrach i mBéal Feirste áit a mbeidh an léirsiú ‘Seas Linn: Béal Feirste do Chách’ ar siúl ag an Dream Dearg inniu.
Duration:00:06:17
An t-ealaíontóir, Terence Ó Gallachóir.
10/9/2025
Beidh The Big Art Event ag tarlú an deireadh seachtaine seo i gCaisleán Óir in Anagaire.
Duration:00:06:31
Ainle Ó Cairealláin as Béal Feirste ach a bhfuil ionad aclaíochta aige i gcampa teifeach in Ida i mBeithil.
10/9/2025
Tá deascéala ar maidin áit a bhfuil sos cogaidh aontaithe idir Iosrael agus Hamas, agus é aontaithe fosta gialla a scaoileadh saor.
Duration:00:07:16
An Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
10/9/2025
Tá comhráití ar siúl idir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus úinéir talún le trí theach sóisialta a thógáil ar shuíomh ag Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair agus thug John Shéamuis uasdátú maidir leis na forbairtí tithíochta eile sa cheantar fosta.
Duration:00:08:11
An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachoir.
10/9/2025
Bhí an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchoir ar dhuine de na Teachtaí Dála is mó a cháin an Taoiseach ag cruinniú na hoíche aréir de pháirtí parlaiminteach Fhianna Fáil maidir leis an phróiseas ainmniúchán a bhí ag an pháirtí le hiarrthóir a roghnú do thoghchán na hUachtaránachta i ndiaidh do Jim Gavin a ainm a tharraingt siar ag tús na seachtaine.
Duration:00:13:54
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.
10/9/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:06:26
Barrscéalta, clár iomlán, 09/10/2025.
10/9/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:54:54
Dónall Ó Cnaimhsí, Máire Ní Chasaide, Áine Ní Bhreisleáin, Éamonn Mac Giolla Bhríde agus Mary Uí Chomhail.
10/8/2025
Panéil de chainteoirí le plé a dhéanamh ar Bhuiséad 2026 a fógraíodh inné. Labhair Finighín Ó Searcaigh – a bhfuil tábhairne Owenie’s aige ar an Chlochán Liath.Joseph Mangan ó Chomlacht Iompar Mangan agus Shane Barr ó Ace Promotions fosta.
Duration:00:49:22
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
10/8/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:36
Barrscéalta, clár iomlán, 08/10/2025.
10/8/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:27
Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn.
10/7/2025
Cuirfear tús le Féile an Fhómhair i Leitir Ceanainn inniu agus labhair Bairbre linn faoi fhéile na bliana seo.
Duration:00:04:56
Rónán Mac Niallais, bainisteoir Ghaoth Dobhair.
10/7/2025
Tá muid ag druidim i dtreo chluiche ceannais peile na contae ar an Domhnach idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le bhainisteoir Ghaoth Dobhair, Rónán Mac Niallais ag an ócáid preas a bhí ar siúl ar an tseachtain seo a chuaigh thart.
Duration:00:11:17
Joe McHugh & Proinsias Ó Cuilinn.
10/7/2025
Beidh seó aonair a chur ar stáitse ag Joe Mc Hugh oíche Dhéardaoin in Amharclann Ghaoth Dobhair agus labhair Joe agus Proinsias Ó Cuilinn, a chomhscríobh an dráma linn faoin dráma.
Duration:00:12:41
Máire Ní Chochláin, Cathaoirleach CLG Dhún na nGall.
10/7/2025
Bhí cruinniú de Bhord na Contae ag CLG Dhún na nGall aréir agus cepaadh bainisteoirí na bliana 2026 de fhoirne peile agus iománaíochta Dhún na nGall ó faoi 17 go sinsir. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le Cathaoirleach CLG Dhún na nGall, Máire Ní Chochláin faoi cheapachán Jim McGuinness mar bhainisteoir ar an fhoireann shinsear.
Duration:00:09:21
An tSáirsint John Joe Mac Laifeartaigh.
10/7/2025
Labhair John Joe linn inniu faoi maidir leis an tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre, cleas AI atá ag dul thart ar na meáin shóisialta agus srianta tráchta a bheas i bhfeidhm mar gheall ar ócáid chuimhneacháin a bheas ar siúl ar an Chraoslach inniu, trí bliana ó tharla an tragóid uafásach ar an bhaile.
Duration:00:06:09
Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na Nuachta.
10/7/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:38
Barrscéalta, clár iomlán, 07/10/2025.
10/7/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:16
Caoimhe Nic Fhloinn, imreoir le Gleann Fhinne.
10/6/2025
D’éirigh le Gleann Fhinne Craobh Shinsir na mBan a bhaint ag an deireadh seachtaine nuair a fuair siad lámh in uachtar ar an Tearmann.
Duration:00:04:00
Niamh Ní Bhaoill, imreoir le Naomh Columba.
10/6/2025
Rinne Niamh cur síos ar an bhua a bhí ag foireann ban Naomh Columba inné nuair a bhuail siad Iorras leis an Chraobh Shóisir a bhaint.
Duration:00:04:33
Padaí Beag Mac Giolla Easbuig, Uachtarán CLG Naomh Columba.
10/6/2025
Bhí lá stairiúil ag CLG Naomh Columba nuair a d’éirigh leo Craobh Idirmheánach Peile na bhFear a bhaint inné den chéad uair riamh i ndiaidh daofa lámh in uachtar a fháil ar Mhálainn agus d’éirigh leo Craobh Shóisir na mBan a bhaint inné fosta nuair a fuair siad an bua ar Iorras.
Duration:00:12:14