
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Dónall Ó Cnaimhsí, Máire Ní Chasaide, Áine Ní Bhreisleáin, Éamonn Mac Giolla Bhríde agus Mary Uí Chomhail.
10/8/2025
Panéil de chainteoirí le plé a dhéanamh ar Bhuiséad 2026 a fógraíodh inné. Labhair Finighín Ó Searcaigh – a bhfuil tábhairne Owenie’s aige ar an Chlochán Liath.Joseph Mangan ó Chomlacht Iompar Mangan agus Shane Barr ó Ace Promotions fosta.
Duration:00:49:22
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
10/8/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:36
Barrscéalta, clár iomlán, 08/10/2025.
10/8/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:27
Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn.
10/7/2025
Cuirfear tús le Féile an Fhómhair i Leitir Ceanainn inniu agus labhair Bairbre linn faoi fhéile na bliana seo.
Duration:00:04:56
Rónán Mac Niallais, bainisteoir Ghaoth Dobhair.
10/7/2025
Tá muid ag druidim i dtreo chluiche ceannais peile na contae ar an Domhnach idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le bhainisteoir Ghaoth Dobhair, Rónán Mac Niallais ag an ócáid preas a bhí ar siúl ar an tseachtain seo a chuaigh thart.
Duration:00:11:17
Joe McHugh & Proinsias Ó Cuilinn.
10/7/2025
Beidh seó aonair a chur ar stáitse ag Joe Mc Hugh oíche Dhéardaoin in Amharclann Ghaoth Dobhair agus labhair Joe agus Proinsias Ó Cuilinn, a chomhscríobh an dráma linn faoin dráma.
Duration:00:12:41
Máire Ní Chochláin, Cathaoirleach CLG Dhún na nGall.
10/7/2025
Bhí cruinniú de Bhord na Contae ag CLG Dhún na nGall aréir agus cepaadh bainisteoirí na bliana 2026 de fhoirne peile agus iománaíochta Dhún na nGall ó faoi 17 go sinsir. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le Cathaoirleach CLG Dhún na nGall, Máire Ní Chochláin faoi cheapachán Jim McGuinness mar bhainisteoir ar an fhoireann shinsear.
Duration:00:09:21
An tSáirsint John Joe Mac Laifeartaigh.
10/7/2025
Labhair John Joe linn inniu faoi maidir leis an tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre, cleas AI atá ag dul thart ar na meáin shóisialta agus srianta tráchta a bheas i bhfeidhm mar gheall ar ócáid chuimhneacháin a bheas ar siúl ar an Chraoslach inniu, trí bliana ó tharla an tragóid uafásach ar an bhaile.
Duration:00:06:09
Caoimhe Ní Chonchoille ó sheomra na Nuachta.
10/7/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:38
Barrscéalta, clár iomlán, 07/10/2025.
10/7/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:16
Caoimhe Nic Fhloinn, imreoir le Gleann Fhinne.
10/6/2025
D’éirigh le Gleann Fhinne Craobh Shinsir na mBan a bhaint ag an deireadh seachtaine nuair a fuair siad lámh in uachtar ar an Tearmann.
Duration:00:04:00
Niamh Ní Bhaoill, imreoir le Naomh Columba.
10/6/2025
Rinne Niamh cur síos ar an bhua a bhí ag foireann ban Naomh Columba inné nuair a bhuail siad Iorras leis an Chraobh Shóisir a bhaint.
Duration:00:04:33
Padaí Beag Mac Giolla Easbuig, Uachtarán CLG Naomh Columba.
10/6/2025
Bhí lá stairiúil ag CLG Naomh Columba nuair a d’éirigh leo Craobh Idirmheánach Peile na bhFear a bhaint inné den chéad uair riamh i ndiaidh daofa lámh in uachtar a fháil ar Mhálainn agus d’éirigh leo Craobh Shóisir na mBan a bhaint inné fosta nuair a fuair siad an bua ar Iorras.
Duration:00:12:14
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
10/6/2025
Chuir an Comhairleoir Denis Mac Aoidh a mhíshástacht in iúl nach raibh plean éigeandála i bhfeidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall do dhaoine i dtithe le brící lochtacha le linn stoirm Amy.
Duration:00:07:47
Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann & An Teachta Dála, Pat the Cope Ó Gallachóir.
10/6/2025
Bhí cruinniú éigeandála ag an Aire Stáit i Roinn na Mara, Timmy Dooley le hionadaithe ó earnáil na hiascaireachta le plé a dhéanamh ar na moltaí atá curtha faoi bhráid an Aontais Eorpaigh. Labhair Pat fosta faoin scéal maidir le hiarrthóir Fhianna Fáil, Jim Gavin ag tarraingt siar ó thoghchán na hUachtaránachta.
Duration:00:19:55
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó sheomra na Nuachta.
10/6/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:52
Barrscéalta, clár iomlán, 06/10/2025.
10/6/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:56:01
Paul O’Hare imreoir Naomh Columba, Caoimhe Uí Fhearáin ó chumann Mhálainne agus Danny Ó Dónaill.
10/3/2025
Ag plé cluiche ceannais idirmheánach Dhún na nGall a imreofar ar an Domhnach idir Naomh Columba agus Málainn.
Duration:00:14:00
Michael Mac Gairbheith, Stiúrthóir Comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall.
10/3/2025
I ráiteas atá eisithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall tá siad ag impí ar an phobal fanacht sa bhaile agus gan taisteal le linn stoirm Amy a bhéas ag teacht i dtír i dtrátha an mheán lae inniu.
Duration:00:05:11
Aoibhín Ní Dheagha ó Tír Bakehouse agus Marianne Ní Dhomhnaill ó Kombucha na Dálaigh.
10/3/2025
Tá ceithre tháirgeoir déag bídh as Dún na nGall san iomaíocht do Ghradaim Blas na hÉireann a bhéas a fhógairt inniu ag Féile Bia Dhaingean Uí Chúis agus tá Tír Bakehouse agus Kombucha na Dálaigh i measc na gcomhlachtaí ar an ghearrliosta.
Duration:00:07:03