
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Hughie Rua Ó Gallchóir.
11/17/2025
Thóg Troy Parrot agus foireann na hÉireann muid aréir nuair a fuair siad cúl go domhain in am breise le deis a thabhairt d’Éirinn cáiliú do chorn an domhain agus tá Hughie Rua Ó Gallchóir linn le plé a dhéanamh ar an cluiche.
Duration:00:07:42
Paula Mhic Cumhail Oifigeach Óige agus Oideachais, Ionad óige Ghaoth Dobhair.
11/17/2025
Beidh Club Óige, Ionad Óige Ghaoth Dobhair ag athoscailt agus beidh clárú ar siúl Dé Céadaoin, an 19 Samhain ag 6:00 i.n.
Duration:00:05:32
Eugene Mac Gairbheith ó CLG An Chlochán Leith agus Mary Ní Bhrian Oifigeach Pleanála Teanga na Rosann.
11/17/2025
Bhí ócáid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ar siúl oíche hAoine i mBaile Átha Cliath agus d’eirigh le CLG An Chlochán Liath Bonn Óir a bhaint amach agus tá Eugene agus Mary linn le cur síos a dhéanamh ar an ócáid.
Duration:00:12:56
An Saoririseoir Caroline Kavanagh atá lonnaithe i nDún Dealgan.
11/17/2025
Tá Caroline ag labhairt ar an timpiste uafasach a tharla ag an Deireadh Seachtaine agus an am crua atá amach rompu agus í ag impí ar na daoine óga a bheith cúramach ar na bóithre.
Duration:00:05:01
Fiona Mulholland, Leas Phríomhoide Coláiste Inbhir, Carraig Mhachaire Rois.
11/17/2025
Tá Fiona Mulholland ag labhairt ar an timpiste tragóide a tharla i gContae Lú nuair a maróidh cúigear ag na Deireadh Seachtaine agus an tionchur atá aige ar phobal na scoile agus an pobal máguaird.
Duration:00:04:55
Tom Ó Muirí Uachtarán Aontas Cógaiseoirí na hÉireann.
11/17/2025
Ó mí Mhárta na bliana seo chugainn ar aghaidh beidh cead ag Poitigéirí cógais áirithe a chur ar fáil don gan oidis ón Dochtúir Teaghlaigh. Shínigh an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill reachtaíocht úr le go mbeidh an tseirbhís seo ceadaithe i siopaí poitigéire sa stáit. Tá Tom linn le cur sios a dhéanamh ar seo.
Duration:00:07:00
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
11/17/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:48
Barrscéalta, clár iomlán, 17/11/2025.
11/17/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:53:54
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
11/14/2025
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
Duration:00:07:34
Oisín Mac Eó.
11/14/2025
Ag labhairt le hOisín Mac Eó faoi chúrsaí sacair inniu. Tá Oisín ag iarraidh foireann sacair le Gaeilge don tír a chur ar bun.
Duration:00:06:29
Pádraigín Ní Dhomhnaill príomhoide Scoil Mhuire Caiseal i bhFánaid.
11/14/2025
Tá bunscoileanna & meánscoileanna ag déanamh ceilúradh ar an téama ‘Muintearas’ agus ‘pobal’mar chuid de sheachtain ‘Cineáltais’ ar fud na tíre. Seo an seachtain náisiúnta frith bhualaíochta.
Duration:00:07:45
Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Chluain na dTor.
11/14/2025
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta.
Duration:00:09:40
An Comhairleoir Contae ó Pháirtí Cúitimh 100% Denis Mc Gee.
11/14/2025
Dúirt an Teachta Dála ó Pháirtí Cúitimh 100%, Charles Ward, nár éist an Rialtas le tuairimí na ndaoine a bhfuil brící lochtacha ina dtithe, agus leasú a dhéanamh ar Bhille Blocanna Coincréide Lochtacha 2025 agus tá Denis linn inniu le seo a phlé.
Duration:00:09:44
Pacáiste Frances Nic Géadaigh.
11/14/2025
Tá Easpag úr ar Dheoise Rath Bhotha – an tEaspag Niall Ó Colla as Baile Shuingeáin ó dhúchas. Bhí Frances Nic Géidigh i láthair ag an phreas ócáid inné agus labhair sí leis an Monsignor Mac Giolla Easpaig.
Duration:00:06:23
Barrscéalta, clár iomlán, 14/11/2025.
11/14/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:54:48
Darren Ó Dochartaigh as Doire, Saor aistritheoir ón Chomhlacht Word for Word.
11/13/2025
Beidh roinnt ceardlann ullmhúcháin do shéala an aistriúcháin ar siúl gan mhoill le Darán Ó Dochartaigh, ag wordsforwords@outlook.com.
Duration:00:04:53
Frances Nic Géadaigh, Ó Sheomra na Nuachta.
11/13/2025
Ag teacht beo ón preas ócáid ina bhfuil an t-Easpag Niall Coll tofa ag an Pápa Leo X1V, ina easpag úr ar Dheoise Rath Bhoth.
Duration:00:05:55
Manus Kelly, an Ceantálaí as an Fhál Carrach.
11/13/2025
Tá plean tithíochta an rialtais foilsithe. I measc na sonraí atá sa doiciméid tá sprioc go mbeidh 300,000 teach tógtha roimh 2030, 72,000 teach sóisialta, €100m le foirgnimh dara lámh a cheannacht le tacú le daoine gan dídeán agus tá plean do chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.
Duration:00:14:38
Mary Mc Garvey, Cathaoirleach Bord Bainistíochta agus Carmel Ní Churráin, Múinteoir ar Phobailscoil Chloich Cheann Fhaola.
11/13/2025
Ag cur síos ar an droch bhuail atá ar fhoirgnimh na scoile i bPobailscoil Chloich Cheann Fhaola. Tá iarratas déanta chuig an Roinn Oideachas ag an Bhord Bainistíochta do scoil úr, agus cuireadh tugtha don Aire Oideachais Helen Mc Entee cuairt a thabhairt ar an scoil leis na deachrachtaí san fhoirgneamh a fheiceáil.
Duration:00:12:26
Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála de chuid Sinn Féin.
11/13/2025
Tá gearr ghá le scoil úr i bPobailscoil Chloich Cheann Fhaola. Thóg Piaras an ceist seo sa dáil aréir. Labhair sé chomh maith ar phlean úr tithíochta an rialtais agus ar easpa achmhainní na nGardaí sa chontae seo.
Duration:00:10:22